Revenue Publishes List of Tax Defaulters

Inniu (15/06/2021), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Liosta na Mainnitheoirí Cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Márta 2021. Foilsítear an liosta in Iris Oifigiúil, in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse dar críoch an 31 Márta 2021.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

  • Cinneadh Cúirte ar Phionós: Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán agus nuair is mó ná €35,000 é iomlán na cánach, an úis agus an phionóis agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:
    • Ní raibh aon chás den chineál seo ann i leith na tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Márta 2021
  • Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag Cúirt:Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte seo féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta.
    • 44 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €106,067 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.

I measc na gcásanna seo tá:

  • 11 chás a bhaineann le loiceadh tuairisceáin chánach a thaisceadh, sonrasc/doiciméad mícheart a chur ar fáil agus faoiseamh cánach a éileamh nach raibh an cáiníocóir i dteideal a fháil. Gearradh iomlán de €26,250 i bhfíneálacha cúirte agus dhá phianbhreith 18 mí, an dá cheann le sé mhí ar fionraí go hiomlán;
  • 23 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte agus 1 chás de sciúradh ola a ngearradh iomlán de €67,501 i bhfíneáil Cúirte agus gearradh pianbhreith 12 mhí amháin, a cuireadh ar fionraí ar feadh dhá bhliain;
  • 6 chás a bhain le coireanna máil as ucht smuigleáil tobac, díol mídhleathach tobac agus loiceadh ceadúnas licéar reatha a choimeád ar gearradh fíneálacha Cúirte idir €632 agus €2,500 ina leith;
  • 3 chás inar cuireadh bac ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim inar gearradh iomlán de €2,800 i bhfíneálacha Cúirte .

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 30 cás á fhoilsiú inniu agus is é €21,371,188 iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo;
  • Bhain 16 chás le suimeanna a raibh níos mó ná €100,000 i gceist leo
    • bhí 5 cinn díobh sin níos mó ná €500,000
    • agus bhí 3 cinn díobh níos mó ná €1 milliún;
  • Bhain 10 gcinn díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 31 Márta 2021;
  • Is é €13,811,898 an tsuim neamhíoctha faoin 31 Márta 2021. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe uile na gCoimisinéirí Ioncaim.

Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Márta 2021, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 234 cinn d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le 15,720 ceann d’Idirghabhálacha Bainistíochta Riosca (Fiosruithe Gné agus Agallaimh Phróifíle), a raibh toradh €121.4 milliún i gcáin, ús agus pionóis orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

CRÍOCH (15/06/2021)