Liosta na Mainnitheoirí Cánach Foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (14/09/2021), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Liosta na Mainnitheoirí Cánach i leith na tréimhse ón 1 Aibreán 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2021. Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochta a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse dar críoch an 30 Meitheamh 2021.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

  • Cinneadh Cúirte ar Phionós: Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán agus nuair is mó ná €35,000 é iomlán na cánach, an úis agus an phionóis agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:
    • Bhí 6 chás den chineál seo ann i leith na tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2021 arb ionann iad agus €730,313.96.
  • Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag Cúirt: Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte seo féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta.
    • 55 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €137,750 iomlán na bpionós arna ngearradh ag Cúirt.

San áireamh leo seo tá:

  • 30 cás a bhaineann le loiceadh tuairisceáin chánach a thíolacadh, loiceadh CBL a íoc agus tuairisceáin mhíchearta a thabhairt. Gearradh fíneálacha cúirte de €76,500 agus pianbhreith 3 bliana amháin, ar fionraí go hiomlán
  • 17 gcás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €43,500 ina leith.
  • 6 chás de choireanna máil as ucht smuigleáil tobac, díol mhídhleathach tobac agus gealltóireacht neamhdhleathach ina gearradh fíneálacha cúirte de €15,000 agus 340 uair an chloig de sheirbhís pobail in áit príosúnachta
  • 2 chás inar cuireadh cosc​ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, ar gearradh fíneálacha Cúirte suas le €2,750 ina leith.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 18 gcás á fhoilsiú inniu agus is é €3.39 milliún iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo;
  • Bhain 7 gcás le suimeanna a raibh níos mó ná €100,000 i gceist leo
    • bhí 1 cheann díobh sin níos mó ná €500,000
    • agus bhí 1 cheann díobh níos mó ná €1 milliún
  • Bhain 5 cinn díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 30 Meitheamh 2021
  • Is é €966,684.70 an tsuim neamhíoctha faoin 30 Meitheamh 2021. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe uile na gCoimisinéirí Ioncaim.

Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2021, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 275 cinn d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le 17,263 cinn d’Idirghabhálacha Bainistíochta Riosca (Fiosruithe Gné agus Agallaimh Phróifíle), a raibh toradh €152.7 milliún i gcáin, ús agus pionóis orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

[Críoch 14/09/2021]