Uaireanta oscailte breise curtha ar fáil ag na Coimisinéirí Ioncaim don Líne Chabhrach CMÁ

An tseachtain seo caite, leag na Coimisinéirí Ioncaim amach go raibh a Líne Chabhrach Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ) fíorghnóthach roimh an spriocdháta 7 Samhain do Thuairisceáin CMÁ a thíolacadh.

Le cúpla lá anuas, tá borradh eile tagtha ar líon na nglaonna a ndearnadh leis an Líne Chabhrach CMÁ, agus líon na nglaonna laethúla níos mó ná 12,000. Chomh maith leis sin, tá sé tugtha faoi deara le déanaí ag monatóireacht na gCoimisinéirí Ioncaim, mar gheall ar an éileamh ard do sheirbhís na Líne Cabhraí CMÁ, go bhfuil timpeall 1,600 úinéir maoine tar éis iarracht a dhéanamh glaoch a chur ar an Líne Chabhrach CMÁ roimh an uair oscailte.

De bharr seo, d’fhógair na Coimisinéirí Ioncaim inniu (2/11/2021), go mbeidh uaireanta oscailte breise i bhfeidhm don Líne Chabhrach CMÁ, ó 8.00 go 20.00, ar an gCéadaoin 3 Samhain agus ar an Déardaoin 4 Samhain 2021. Déanfar tuilleadh uaireanta oscailte breise a mheas níos déanaí an tseachtain seo mura dtagann laghdú ar an éileamh ard don tSeirbhís CMÁ. 

Mhínigh na Coimisinéirí Ioncaim gurb iad maidineacha an t-am is gnóthaí do ghlaonna a thagann tríd a Líne Chabhrach CMÁ. Iarrtar ar úinéirí maoine a bhfuil deacrachtaí acu freagra a fháil sa mhaidin triail a bhaint arís níos déanaí sa lá más féidir leo.

Ina theannta sin, chuir na Coimisinéirí Ioncaim comhairle ar fáil ar an trí phríomhchúis a bhfuil úinéirí maoine ag déanamh teagmhála leis an Líne Chabhrach CMÁ:

 1. Níl litir CMÁ ag teastáil chun críocha Tuairisceáin CMÁ a thíolacadh

I gcás úinéirí maoine nach bhfuair litir i gcruachóip sa phost i ndáil lena CMÁ, féadfaidh sé go bhfuair siad fógra ina bhfillteán Mo Chuid Doiciméad in moChúrsaí nó ina mBosca Isteach ROS. Tá an t-eolas sa litir ar fáil ar thaifead CMÁ an úinéara maoine, áfach, agus féadtar féachaint ar nuair atá Tuairisceán CMÁ á tíolacadh ag úinéirí maoine in moChúrsaí, ROS nó an Tairseach ar Líne CMÁ

2. Féadann úinéirí maoine a maoin a fhéinchlárú
Mura bhfuil maoin cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim cheana do CMÁ, féadann úinéirí maoine iad féin a chlárú trí chliceáil ar an nasc ‘Cláraigh Maoin Nua’ ar an gcárta Seirbhísí Maoine in moChúrsaí nó sa rannán ‘Seirbhísí Eile’ ar an leathanach baile ROS

3. Tá sé ceart go leor bandaí luachála a athrú
Níl aon riachtanas teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim sa chás go gcinneann úinéirí maoine go dtiteann a maoin i mbanda luachála eile ná an banda luachála a sonraítear ar threoir luachála ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim nó ar an mbanda luachála a úsáidtear chun críocha a bhFógra Meastacháin CMÁ. Ba chóir d’úinéirí maoine an banda luachála cuí a bhaineann le luach margaidh na maoine a roghnú, mar a chinn an t-úinéir mhaoine agus an Tuairisceán CMÁ á tíolacadh acu. 

[Críoch 02/11/2021]