Príomhthorthaí na gCoimisinéirí Ioncaim do 2021 foilsithe

D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim inniu (06/01/2022) réamhthorthaí do 2021, lena n-áirítear an cháin agus dleacht a bailíodh, na seirbhísí a cuireadh ar fáil do chustaiméirí, rátaí comhlíontachta agus fáltais ó idirghabhálacha fhócasaithe ar riosca. Foilsíodh chomh maith eolas ar sholáthar leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim ar thacaíochtaí criticiúla an Rialtais maidir le COVID-19 do ghnóthaí  bhfuil tionchar ag an bpaindeim orthu, staitisticí don bhliain 2022 i leith Cáin Mhaoine Áitiúil agus eolas maidir le custaim tar éis imeacht na Ríochta Aontaithe ón AE.

Agus é ag trácht ar na torthaí, dúirt an tUasal Niall Cody, Cathaoirleach na Coimisinéirí Ioncaim:

“Taispeánann na staitisticí sealadacha a d’fhoilsigh muid inniu, go raibh bliain eisceachtúil i 2021 ag na Coimisinéirí Ioncaim, ar líon chúrsaí éagsula. Mar thoradh ar an bpaindéim leanúnach, bhí cur isteach eacnamaíoch agus sóisialta le linn na bliana, agust ionchar shuntasach ar chuid maith earnálacha gnó mar gheall ar shrianta sláinte poiblí. In ainneoin seo, áfach, bhí feidhmíocht eacnamaíoch láidir agus níos mó fáltais chánach ná mar a bhí riamh dá bharr. Bhailigh na Coimisinéirí Ioncaim €67.5 billiún i gcánacha agus dleachtanna don Státchiste, chomh maith le breis agus €17 billiún thar ceann Ranna, Gníomhaireachtaí agus Ballstáit eile AE.

In ainneoin thimpeallacht ghnó dúshlánach agus neamhchinnte mar gheall ar an bpaindéim leanúnach, d’fhan rátaí comhlíontachta in am don bhliain 2021 láidir. Gabhann muid buíochas le gnóthaí, cáiníocóirí aonair agus cleachtóirí cánach as ucht a gcuid teagmháil dearfach le linn na bliana agus as a gcuid iarrachtaí cultúr leanúnach comhlíontachta saorálaí a chinntiú, in ainneoin na ndúshláin atá roimh roinnt daoine. 

Cosúil le roinnt eagraíochtaí ar fud na tíre agus ar fud an domhain, chuamar i dtaithí ar bhealaí nua oibre. Mar shampla, tá próisis agus treoirlínte nua forbartha againn chun idirghabhálacha bainistíochta riosca a dhéanamh i dtimpeallacht cianoibre agus in 2021 bhí fáltais €1.38 billiún ó na cláir comhlíontachta seo. D’éirigh linn 6 chiontú choiriúlacha a fháil i leith dian-imghabháil agus calaois cánach, 80 socraíocht chánach i Liosta na Mainnitheoirí Cánach a fhoilsiú agus 125 cás seachanta cánach a shocrú agus toradh €11.7 milliún air. Lean ár n-obair ar dhul i ngleic leis an smuigleáil agus gníomhaíochtaí eile neamhdhleathacha de bheith mar príomhfhócas dúinn, a raibh toradh 60 milliún toitín ar luach €43.5 milliún agus níos mó ná 5,700 kg drugaí ar luach measta beagnach €115 milliún air.”

Ag trácht ar Staitisticí uasdátaithe na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) do 2022, dúirt an tUasal Cody:

“Tar éis achtú na reachtaíochta i mí Iúil seo caite a d’athraigh an chaoi a oibríonn an CMÁ, chuireamar na bearta cuí i bhfeidhm, lena n-áirítear athruithe córais, treoir uasdátaithe luachála maoine ar líne agus feachtas oibre cuimsitheach cumarsáide, roimh an tréimhse nua luachála a thosaigh ar an 1 Samhain 2021. Faoi láthair, seasann an ráta comhlíontachta tuairisceáin don CMÁ le haghaidh 2022 ag 81%, agus atá an ráta comhlíontachta íocaíochta ag 91%. Tá íocaíocht na Cánach Maoine Áitiúla do 2022 dlite faoin gCéadaoin seo chugainn, an 12 Eanáir. Molaim go láidir d’úinéirí maoine nár íoc go fóill nó nach bhfuil socruithe déanta acu íoc nó nach bhfuil a dtuairisceán CMÁ tíolactha acu go fóill a dhéanamh anois.”

Tá tionchar mór ag an bPaindéim COVID-19 fós ar shaoránaigh, fhostóirí agus ghnóthaí araon. Ag trácht ar thacaíochtaí criticiúla Rialtais soláthartha ag na Coimisinéirí Ioncaim mar chuid den fhreagra náisiúnta ar an bpaindéim domhanda, dúirt an tUasal Cody an méid seo:

“Le linn 2021, lean na Coimisinéirí Ioncaim de ról lárnach a bheith acu i leith príomhthacaíochtaí a chur ar fáil do dhaoine aonair agus gnóthaí a bhfuil tionchar ag COVID-19 orthu.  In 2021, íocadh breis agus €4.6 billiún faoin Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta do 47,600 fostóir incháilithe i leith 628,000 fostaí.

Chuir an Scéim Tacaíochta Sriantaí Covid tacaíocht bhreise ar fáil do ghnóthaí a raibh tionchar suntasach ag srianta sláinte poiblí COVID-19 orthu, go háirithe sa chéad leath den bhliain seo caite nuair a bhí codanna móra den gheilleagar dúnta. In 2021, faoin scéim, fuair 21,300 gnó íocaíochtaí fóirdheontais ar luach €470 milliún iad maidir le 24,500 áitreabh.

Leis an Scéim Stórasaithe Fiachais, féadann na Coimisinéirí Ioncaim fiachais CBL agus Párolla a thagann aníos mar thoradh ar shrianta a bhaineann le COVID-19 a pháirceáil, chomh maith le fiachas cánach ioncaim féinmheasúnaithe agus ró-íocaíochtaí na Scéime Fóirdheontais Shealadaigh Pá. I rith 2021, leathnaíodh an scéim chun ró-íocaíochtaí na Scéime Fóirdheontais Pá Fostaíochta agus dliteanais chánach de chuid cáiníocóirí cánach ioncaim féinmheasúnaithe le hioncam fostaíochta a chlúdú.  Faoi láthair, tá breis agus 100,000 gnó agus duine aonair ag baint leas as an scéim i leith fiachais chánach ar luach €2.9 billiún.

Le maolú na srianta sláinte poiblí ar bhonn céimnithe an samhradh seo caite, in éineacht le glacadh vacsaíne COVID-19 an ard i measc ár saoránaigh, thosaíomar de théarnamh geilleagrach a fheiceáil agus bhí gnóthaí ag trádáil gan tacaíocht ón Scéim Tacaíochta Sriantaí Covid. Tá teacht chun cinn an athraithigh Omicron de COVID-19 tar éis cur isteach tuilleadh ar ghnóthaí, áfach, go háirithe iad siúd san earnáil fáltachais amhail beáir, bialanna agus ostáin, chomh maith le láthair siamsaíochta faoi dhíon. Le haghaidh na gnóthaí seo, tá an tairseach éilimh don Scéim Tacaíochta Sriantaí Covid oscailte againn arís. Ina theannta sin, beidh gnóthaí den chineál sin in ann leanúint de leas a bhaint as an Scéim Stórasaithe Fiachais don chéad ráithe de 2022, agus beidh treoir uasdátaithe á n-eisiúint againn go gairid chun é seo a léiriú.”

Mar thoradh ar imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, tá athrú ó bhonn tagtha ar an timpeallacht trádála idir Éire agus an Bhreatain Mhór. Ag trácht dó ar fhócas leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim ar chabhrú le gnóthaí i leith dul i dtaithí ar na riachtanais Cusam a bhaineann le trádail den chineál sin, dúirt an Coimisinéir Ioncaim agus Ard-Stiúrthóir Custam, Gerry Harrahill:

“Agus muid ag tarraingt i dtreo an 1 Eanáir 2021, bhíomar dírithe go príomha ar thacaíocht a chur ar fáil do ghnóthaí, chomhlachtaí tarlaithe agus lóistíochta agus ghníomhairí custam d’imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, agus chun iad a ullmhú ina leith sin chomh maith. D'infheistíomar i mbaill foirne bhreise agus inár infreastruchtúr TCG chun dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe a bheith mar ‘tríú tír’ le comhaontú nár aontaíodh ach ar an 24 Nollaig 2020.

Ó thús an-mhall, de réir a chéile tháinig méadú ar mhéideanna trádála leis an Ríocht Aontaithe i gcaitheamh na bliana 2021, agus tháinig feabhas ar chomhlíontacht le riachtanais de réir mar chuaigh an bhliain ar aghaidh. Le 12 mhí anuas, lean muid de theagmháil a dhéanamh le gnóthaí móra agus beaga, agus tacaíocht a thabhairt dóibh lena gcuid dualgais custam a chomhlíonadh. Sa chéad ráithe den bhliain seo caite go háirithe, tháinig dúshláin chun cinn dúinn agus dár gcomhghníomhaireachtaí Stáit, an RTBM agus an FSS, chomh maith leis an earnáil trádála agus lóistíochta, toisc go raibh cur isteach buan ar shlabhraí soláthair seanbhunaithe agus le chéile chuaigh muid i dtaithí ar an timpeallacht trádala athraithe.  Bhíomar in ann próisis áirithe a dhéanamh níos éifeachtaí agus an cur chuige thar na gníomhaireachtaí Stáit cuí a bheachtú, agus muid eolach ina leith seo mar gheall ar ár ndlúththeagmháil dearfach le gnóthaí agus comhlachtaí ionadaíochta trádala.

Ag féachaint ar shonraí na bliana iomláine, tugadh an bealach glas do 86% de ghluaiseachtaí feithicil lastais ón mBreatain Mhór isteach go hÉirinn ar a dteacht isteach chun na tíre, rud a chiallaíonn gur tháinig siad tríd an gcalafort cuí gan gá le hidirghníomhú breise a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ná aon ghníomhaireacht eile Stáit. Tugadh an bealach oráiste do 11% dóibh, rud a chiallaíonn go raibh seiceáil doiciméadach ag nó rialú den chineál sin ag teastáil ó na hearraí, agus tugadh an bealach dearg do 3% dóibh, rud a chiallaíonn go raibh riachtanas ann scrúdú nó imscrúdú fisiceach ar na hearraí a dhéanamh. Tríd is tríd, is é an fhírinne a ghabhann le trádáil leis an mBreatain Mhór go bhfuil seiceáil éigeantach ag teastáil ó earraí áirithe.

Bhrostaigh an paindéim an fás sa ríomhthráchtáil agus in éineacht le rialacha nua CBL an AE a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil, tá fás easpónantúil tagtha ar líon na ndearbhuithe custam a próiseáladh. In 2021, tháinig méadú faoi cheathair déag ar gach cineál dearbhú iompórtala a próiseáladh, le 1.8 milliún próiseáilte in 2020 méadaithe go dtí 25.4 millíún próiseáilte in 2021. Ar an 30 Samhain seo caite, phróiseálamar 300,000 dearbhú iompórtála gan trácht ar rud ar bith eile, níos mó ná riamh. 

Chuir Rialtas na Ríochta Aontaithe cur isteach na riachtanais nua iompórtála a d'fheidhmeofaí ar thrádáil Éire-An Ríocht Aontaithe ar fionraí go sealadach ón 1 Eanáir 2022. Moltar go láidir do ghnóthaí a chinntiú go tuiscint acu ar fheidhmiú na n-athruithe seo agus go bhfuil siad ullamh dóibh chuirtear deireadh leis an bhfionraí shealadach. Leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim d’oibriú i gcomhar le trádáil agus gnóthaí i dtaca leis sin.”  

Mar fhocal scoir, dúirt an tUasal Cody:

“Bliain eile neamhghnách a bhí in 2021, ní amháin dár tír ach do na Coimisinéirí Ioncaim freisin mar riarachán cánach agus custam. Tá solúbthacht, teacht aniar agus gairmiúlacht ár ndaoine tar éis a bheith fíorthábhachtach inár gcumas leanúint de sheirbhísí riachtanacha na gCoimisinéirí Ioncaim a chur ar fáil. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le baill foirne uile na gCoimisinéirí Ioncaim as ucht na hoibre crua leanúnaí.

Tá sé soiléir go mbeidh orainn leanúint de mhaireachtáil le dúshláin COVID-19 go ceann i bhfad. Leanfaidh muid orainn de bheith ag obair go dlúth lenár gcomhleacaithe sa Roinn Airgeadais agus ár ról i imirt i scéimeanna agus bearta cuí an Rialtais a riar chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair agus do ghnóthaí a bhfuil tionchar ag an bpaindéim orthu.

Chomh maith leis sin, leanfaidh muid orainn de bheith dírithe ar shláinte ár mbaill foirne agus a dteaghlach a chosaint agus a sábháilteacht a chinntiú, agus ar leibhéal ard seirbhíse dár gcustaiméirí a bhuanú agus freagra éifeachtach comhlíontachta ar rioscaí sainaitheanta. Tacóidh muid le gnó agus trádáil de réir mar a dtéann siad i dtaithí ar riachtanais iompórtala de chuid Rialtais na Ríochta Aontaithe. Leanfaidh muid freisin de thacú leis an Roinn Airgeadais i ndáil leis an gclár oibre cánach idirnáisiúnta agus casta.

Leanann muid dár struchtúir a fhorbairt agus a bheachtú, ní amháin chun barr feabhais a chur ar ár n-éifeachtúlacht mar riarachán cánach agus custam, ach chun muid a chur in áit láidir chun dul in oiriúint ar an timpeallacht síor-athraitheacha ina n-oibríonn muid. Táimid dírithe ar dhul i ngleic leis na dúshláin atá amach romhainn in 2022 agus ar aghaidh."

[Ends 6/1/2022]