Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (08/03/2022), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim liosta na mainnitheoirí cánach maidir leis an tréimhse an 1 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021. Foilsítear an liosta in Iris Oifigiúil, in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse 31 Nollaig 2021.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

  • Cinneadh Cúirte ar Phionós: Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán agus nuair is mó ná €35,000 é iomlán na cánach, an úis agus an phionóis agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta: 
  • Ní raibh ach cás amháín den chineál seo ann i leith na tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Nollaig 2021 agus €21,879.29 iomlán an phionóis arna ghearradh ag Cúirt.
  • 68  cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €131,350 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.
  • Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag Cúirt: Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte seo féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta.

San áireamh leo seo tá:

  • 26 chás a bhaineann le loiceadh tuairisceáin chánach a thaisceadh, loiceadh CBL a íoc, loiceadh leabhair agus taifid chuí a choinneáil, tuairisceáin mhíchearta a thabhairt agus seachaint chalaoiseach CGC. Gearradh fíneálacha cúirte €37,050, dhá Phianbhreith 2 bhliain (an dá cheann ar fionraí go hiomlán ar choinníoll) agus dhá phianbhreith 18 mí (an dá cheann ar fionraí ar feadh 12 mhí);
  • 19 gcás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €50,300 ina leith;
  • 22 cás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil, díol mídhleathach tobac agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte €42,750, pianbhreith 5 mhí amháin, pianbhreith 16 mí amháin, pianbhreith 18 mí amháin (gach ceann ar fionraí go hiomlán ar choinníoll) agus 240.5 uair de sheirbhís pobail in ionad príosúnachta;
  • 1  chás inar cuireadh bac ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim inar gearradh iomlán de  €1,250 i bhfíneálacha Cúirte.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 23 cás á fhoilsiú inniu agus is é €2.8 milliún iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo; 
  • Bhain 8 gcás le suimeanna a raibh níos mó ná €100,000 i gceist leo
    • bhí 1 cheann díobh sin níos mó ná €500,000
  • Bhain 3  díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoi 31 Nollaig 2021; 
  • Is é €159,723.37 an tsuim neamhíoctha faoin 31 Nollaig 2021. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe uile na gCoimisinéirí Ioncaim. 

Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Nollaig 2021, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 384 cinn d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le 14,214 ceann d’Idirghabhálacha Bainistíochta Riosca (Fiosruithe Gné agus Agallaimh Phróifíle), a raibh toradh os cionn €1.015 billiún i gcáin, ús agus pionóis orthu. 

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

CRÍOCH (08/03/2022)