Drugaí folaithe i mbeartáin ar luach os cionn €270,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (17/05/2022), mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha agus le cúnamh ó mhadraí braite Bailey agus Sam, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim drugaí mídhleathacha ar luach measta €270,000 le linn mionscrúdú na mbeartanna. I measc na n-urghabhálacha bhí beagnach 12kg de channabas luibhe, 3kg de chíste hash, 240 gram de roisín cannabais, 6,750 táibléad Zopiclone, níos mó ná 1,000 táibléad diazepam, 800 táibléad eacstais chomh maith le méideanna beaga d’ola meala bútáin agus beacáin draíochta.

Thángthas ar na drugaí mídhleathacha i mbreis agus 40 beartán ar leith a tháinig ó áiteanna éagsúla ar fud Mheiriceá Thuaidh, na hEorpa agus na hÁise. Fógraíodh na beartáin mar earraí ar nós ‘bréagáin’, ‘tae’, ‘lámhainní dornálaíochta’, ‘bríste’, ‘guma coganta’ agus ‘eagraithe’ agus bhí siad i ndán do sheoltaí ar fud na tíre.

Tá imscrúduithe leanúnacha ar siúl.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtáil drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 17/05/2022]