Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (14/06/2022), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim liosta na mainnitheoirí cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Márta 2022. Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse (31 Márta 2022). Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

  • Cinneadh Cúirte ar Phionós: Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 amháin é iomlán na cánach) agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:
    • Ní raibh ach cás amháín den chineál seo ann i leith na tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Márta 2022 agus €144,897.98 iomlán an phionóis arna ghearradh ag Cúirt.
  • Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag Cúirt: Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte seo féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta.
    • 44  cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €89,950 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt

I measc na gcásanna seo tá

    • 19 gcás inar loiceadh tuairisceáin a thíolacadh agus inar loiceadh leabhair agus taifid a choinneáil. Gearradh fíneálacha cúirte €34,450 agus aon uair amháin de sheirbhís pobail in ionad príosúnachta;
    • 13 chás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €43,000 ina leith;
    • 12 chás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil, díol mídhleathach tobac agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte €12,500, pianbhreith 6 mhí amháin agus pianbhreith 8 mí amháin (an dá cheann ar fionraí go hiomlán ar choinníoll), pianbhreith 10 mí amháin (gach ceann ar fionraí go hiomlán ar choinníoll), dhá phianbhreith 4 mhí agus 100 uair de sheirbhís pobail in ionad príosúnachta.   

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 9 gcás á fhoilsiú inniu agus is é €11.6m iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo. 
  • Bhain 9 gcás le suimeanna a raibh níos mó ná €100,000 i gceist leo
    • bhí 1 cheann díobh sin níos mó ná €500,000 
  • Bhain 3 díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoi 31 Márta 2022. 
  • Is é €10,465,384 an tsuim neamhíoctha faoin 31 Márta 2022. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí gan íoc a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe uile na gCoimisinéirí Ioncaim. Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Márta 2022, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 331 cinn d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le 13,567 cinn d’Idirghabhálacha Bainistíochta Riosca (Fiosruithe Gné agus Agallaimh Phróifíle), a raibh toradh €2.218 billiún i gcáin, ús agus pionóis orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

CRÍOCH {14/06/2022}