Coimisinéir Ioncaim ceaptha

Tá An Taoiseach Micheál Ó Máirtín T.D. tar éis Ruth Kennedy a cheapadh mar Choimisinéir Ioncaim, agus í ag teacht i gcomharbacht ar Michael Gladney, a d'imigh ar scor le déanaí ó Bhord na gCoimisinéirí Ioncaim.

Sular ceapadh í, bhí róil éagsúla ardbhainistíochta ag Ruth in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear Rúnaí Cúnta ar Rannóg na gCánacha Pearsanta agus Bainisteoir Tionscadail le haghaidh Nua-Aoisiú ÍMAT. Tháinig sí chun obair leis na Coimisinéirí Ioncaim in 2012 ó Accenture, ina raibh sí mar bhainisteoir sinsearach i nGrúpa Seirbhíse Cliaint Cánach agus Custam.

Tá cónaí ar Ruth i mBaile Átha Cliath lena fear céile agus a trí leanaí.