Cannabas luibhe ar luach €240,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in Aerfort Bhaile Átha Cliath

Inniu (08/08/2022), mar thoradh ar phróifíliú rialta, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 12kg de channabas luibhe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ar luach measta de €240,000.

Thángthas ar na drugaí mídhleathacha folaithe laistigh de choinsíneacht aerlasta a sonraíodh mar ‘éadaí’, a tháinig isteach ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a bhí i ndán do sheoladh i mBaile Átha Cliath.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá an gabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtáil drugaí. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH: 08/08/2022]