MDMA ar luach €114,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath

Inné (15/08/2022), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim tuairim is 1.9kg de MDMA ar luach measta de €114,000 tar éis cuardach a dhéanamh, faoi bharántas, ar áitreabh tráchtála i gceantar Bhaile Átha Cliath 1.

Rinneadh an ghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE), agus Aonad Drugaí Sráid an Stórais.

Ghabh An Garda Síochána fear sna 20idí i dtaca leis an urghabháil seo agus tá sé á choinneáil faoi láthair faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí Sráid an Stórais.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Bhí an oibríocht seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 15/08/2022]