Drugaí gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Luain ar luach €276,000

Mar thoradh ar ghnáthoibríochtaí ar an Déardaoin (18/08/2022) agus an Aoine (19/08/2022), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim breis agus 13kg de channabas luibhe agus méid beag eacstais in áitreabh i mBaile Átha Luain.  

Aimsíodh na drugaí neamhdhleathacha, ar luach measta comhcheangailte níos mó ná €276,000, i bhfolach i mbeartanna a tionscnaíodh i láithreacha iomadúla ar fud mórtír na hEorpa agus a bhí beartaithe le haghaidh seoltaí ar fud na tíre. 

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá an ghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtáil drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 22/08/2022]