Liosta na Mainnitheoirí Cánach Foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (13/09/2022), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Liosta na Mainnitheoirí Cánach don tréimhse 1 Aibreán 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2022. Foilsítear an liosta in Iris Oifigiúil, ina dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag an gCúirt ina leith gur chóir pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha orthu ag an gCúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochta nár íocadh ag deireadh na tréimhse dar críoch an 30 Meitheamh 2022. Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

  • Cinneadh Cúirte ar Phionós: Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 méid iomlán na cánach), agus nuair nach ndéantar nochtadh cáilitheach:
    • Bhí dhá chás den chineál seo sa tréimhse trí mhí go dtí 30 Meitheamh 2022 agus €41,682 méid iomlán an phionóis arna ghearradh ag an gCúirt.
  • Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt: Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte seo féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta.
    • 67 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €153,300 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.

I measc na gcásanna seo tá:

    • 16 cás inar loiceadh tuairisceáin a thíolacadh, inar tíolacadh tuairisceán mícheart cánach agus inar loiceadh leabhair agus taifid a chur ar fáil. Gearradh fíneáil cúirte dar suim €32,300 and 30 nóiméad de sheirbhís pobail in ionad tréimhse priosúnachta, 240 uair de sheirbhís pobail in ionad tréimhse priosúntachta bliain amháin, pianbhreith dhá bhliain agus pianbhreith bliain amháin (an dá cheann ar fionraí ina n-iomláine);
    • 22 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte agus dhá chás de sciúradh ola ar gearradh iomlán de €58,000 i bhfíneáil Cúirte ina leith, agus gearradh pianbhreith trí bliana agus pianbhreith dhá bhliain (18 mí ar fionraí sa dá phianbhreith);
    • 18 gcás a bhain le coireanna máil i leith smuigleáil tobac, díol mídhleathach tobac agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte de €43,000 agus pianbhreith 18 mí ;
    • 2 chás maidir le halcól nár gearradh cáin air a bhí ar díol, agus gearradh fíneálacha Cúirte dar suim €5,000 ina leith;
    • 1 chás nár fhan feithicil ina stad, agus gearradh fíneál Cúirte dar suim €1,250 ina leith.
    • 5 chás inar cuireadh cosc​ ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, agus gearradh fíneálacha Cúirte suas le €11,250 ina leith.
    • 1 chás inar tugadh fáisnéis mhíchruinn nó míthreorach, agus gearradh fíneál cúirte dar suim €2,500 ina leith.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse leathan roghanna chun nochtadh a dhéanamh go deonach agus nuair a eascraíonn an loiceadh de bharr iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 12 gcás á bhfoilsiú inniu agus is é €11.6m méid iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna úd. 
  • Bhain 10 gcás le suimeanna níos mó ná €100,000
    • Agus bhain 2 cheann díobh siúd le suimeanna os cionn €1 milliún.
  • Bhain 3 cinn le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoi 30 Meitheamh 2022. 
  • Is í €10,721,226 an tsuim neamhíoctha faoi 30 Meitheamh 2022. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán nár íocadh a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe uile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Le linn na tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2022, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 287 gcinn d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le 13,983 cinn d’Idirghabhálacha Bainistíochta Riosca (Fiosruithe Gné agus Agallaimh Phróifíle), a raibh toradh €3.540 milliún i gcáin, in ús agus i bpionóis orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

Críoch [13/09/2022]