Revenue seize drugs, alcohol and cigarettes in Dublin and Rosslare

Inniú (15/09/2022), mar thoradh ar ghnáthoibríochtaí agus le cabhair ó bhrathadóir madra Sam, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim breis agus 7kg de channabas luibhe agus 1kg d’ola mheala bhútáin in áitreabh i mBaile Átha Cliath ar luach measta comhcheangailte níos mó ná €160,000. 

Aimsíodh na drugaí neamhdhleathacha i bpacáiste le lipéid ‘bréagáin’ air a tháinig ó Cheanada agus a bhí beartaithe le haghaidh seoladh i gceantar Bhaile Átha Cliath 12.

Ar leithligh, inné (14/09/2022), mar thoradh ar gnáthphróifíliú ghabh oifigigh de chuid na gcoimisinéirí ioncaim tuairim is 13,000 lítear fíona ag Europort Ros Láir le linn cuardaigh ar thrucail cláraithe sa Fhrainc a bhí tar éis thurling de bhád farantóireachta ó Cherbourg, An Fhrainc.

Tá luach measta miondíola níos mó ná €158,000 ar an alcól smuigleáilte, arb ionann é agus caillteanas poitéinsiúil de €84,000 don Státchiste. 

Faoi dheireadh, le linn an deireadh seachtaine seo caite (Dé hAoine 09/09/2022 agus Dé Sathairn 10/09/2022), mar thoradh ar oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 69,000 toitíní ar luach measta miondíola €44,000, arb ionann é agus caillteanas poitéinsiúil de €35,000 don Státchiste. 

Thángthas ar na toitíní mídhleathacha, de bhrandaí éagsúla, nuair a rinne oifigigh stopadh agus cuardach ar bhagáiste seiceáilte isteach triúr náisiúnaigh a tháinig ar eitilt ón Izmir sa Tuirc.

Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha seo.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar smuigleáil. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295

[CRÍOCH 15/09/2022]