Tobac beoir agus fíon gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Europort Ros Láir: luach iomlán na n-urghabhálacha os cionn €300,000

Le seachtain anuas, mar thoradh ar thrí ghnáthoibríocht ar leithligh ag Europort Ros Láir, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 77.5kgs de thobac ‘roll tú fhéin’, beagnach 26,000 lítear beorach agus níos mó ná 11,800 lítear fíona. Tá achoimre déanta ar na sonraí thíos.

Ar an Satharn (24/09/2022), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 77.5kgs de thobac ‘roll tú fhéin’, agus níos mó ná 500 lítear fíona, ar luach measta comhcheangailte de €61,000, arb ionann é agus caillteanas féideartha de thuairim is €46,000 don Státchiste. Thángthas ar na toitíní agus an alcól smuigleáilte le cúnamh ó scanóir x-gha soghluaiste na gCoimisinéirí Ioncaim, tar éis cuardach a dhéanamh ar thrucail chláraithe Éireannach a thurling den bhád farantóireachta ó Le Havre, an Fhrainc.

Ar an Satharn (24/09/2022) freisin, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim beagnach 26,000 lítear beorach tar éis cuardach a dhéanamh ar thrucail cláraithe sa Pholainn a bhí tar éis teacht i dtír ar bhád farantóireachta ó Dunkirk, an Fhrainc. Bhí luach measta miondíola níos mó ná €103,000 ar an alcól smuigleáilte, arb ionann é agus caillteanas poitéinsiúil de níos mó ná €48,000 don Státchiste.  

Faoi dheireadh, Dé Máirt seo caite (20/09/2022),ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim beagnach 11,300 lítear fíona ar luach measta miondíola€137,000, arb ionann é agus caillteanas poitéinsiúil de níos mó ná €73,000 don Státchiste, tar éis cuardach a dhéanamh ar leantóir gan tionlacan a bhí tar éis teacht i dtír ar bhád farantóireachta ó Zeebrugge, an Bheilg.

Tá imscrúduithe ar bun tar éis na hoibríochtaí seo a reáchtáil.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar smuigleáil. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295 

[CRÍOCH 26/09/2022]