Toitíní gafa i gCalafort Bhaile Átha Cliath agus cannabas luibhe gafa in Aerfort Bhaile Átha Cliath ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (30/09/2022), mar thoradh ar ghnáthphróifíliú agus le cabhair ó bhrathadóir madra Milo, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 320,000 toitín ar chostas miondíola de €240,000. Is ionann é seo agus caillteanas poitéinsil de thuairim is €188,000 don Státchiste. Bhí na toitíní smuigleáilte, de bhrandaí éagsúla, i bhfolach laistigh de channaí péinte cumhachta a tháinig isteach ar phailléid ó Cologne, an Ghearmáin.

Ar leithligh, inné (29/09/2022), mar thoradh ar ghnáthoibríochtaí agus le cabhair ó bhrathadóir madra Blue, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim timpeall 11.34kg de channabas luibhe ar luach measta de beagnach €227,000 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Aimsíodh na drugaí neamhdhleathacha i gcoinsíneacht a raibh an lipéad ‘hops’ air a tháinig ó Cheanada agus a bhí beartaithe le haghaidh seoladh i mBaile Átha Cliath. Tá imscrúduithe ar bun i leith na dá chás

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar smuigleáil. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295

 [Críoch : 30/09/22]