Cannabas luibhe ar luach €700,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCorcaigh

Inné (29/09/2022), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 35kg de channabas luibhe ar luach measta de €700,000 i gContae Chorcaí

Rinneadh an ghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE), agus Aonad Roinne Drugaí Chorcaí.

Ghabh An Garda Síochána fear sna 40idí i dtaca leis an urghabháil agus tá sé á choinneáil faoi láthair faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí An Tóchar.

Tá imscrúduithe fós ar siúl. 

Bhí an oibríocht seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhírigh ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 30/09/2022]