Cannabas luibhe ar luach €226,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Brigín

Inné (03/10/2022), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 11.3kg de channabas luibhe ar luach measta de €226,000 i gceantar Bhaile Brigín.

Rinneadh an ghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE), agus Aonad Roinne Drugaí Bhaile Brigín.

Ghabh An Garda Síochána fear sna 20idí i dtaca leis an urghabháil agus tá sé á choinneáil faoi láthair faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí Baile Brigín.

Tá imscrúduithe fós ar siúl. 

Bhí an oibríocht seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[Críoch: 03/10/2022]