Síneadh tábhachtach leis an Scéim Stórasaithe Fiachais chun tacú le gnóthaí fógartha ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inné (17/10/2022), mar gheall ar an staid dhúshlánach eacnamaíocha atá i gceist do ghnóthaí faoi láthair, d’fhógair na Coimisinéirí Ioncaim síneadh tábhachtach agus suntasach leis an Scéim Stórasaithe Fiachais. Faoin scéim, bhí gá do ghnóthaí le fiachas stórasaithe comhaontú a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim chun déileáil leis an bhfiachas sin roimh dheireadh na bliana (nó faoin 1 Bealtaine 2023 dóibh siúd faoi réir an spriocdháta sínte. I bhfianaise na héiginnteachta reatha eacnamaíocha, tá na Coimisinéirí Ioncaim tar éis an t-amlíne a chur siar go dtí an 1 Bealtaine 2024. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh ar ghnóthaí dul i ngleic leis an dúshlán de chibé acu an fiachas sa stóras a ghlanadh nó socraíocht tráthíocaíochtaí a dhéanamh chun an fiachas a ghlanadh go dtí an 1 Bealtaine 2024. Rud eile atá tábhachtach, nuair a thagann gnóthaí chun an fiachas a íoc, beidh siad fós in ann leas a bhaint as an ráta laghdaithe úis 3% ón 1 Eanáir 2023, seachas an ráta ginearálta úis 10%.

Agus é ag trácht ar an tsíneadh, dúirt an tArd-Bhailitheoir, an tUasal Joe Howley:

“Tuigeann na Coimisinéirí Ioncaim na dúshláin shuntasacha atá ag gnóthaí faoi láthair a ndualgais cánach a chomhlíonadh mar gheall ar thionchair na géarchéime fuinnimh agus na brúnna airgeadais a chuireann siad seo ar ghnóthaí de réir mar a leanann siad ar aghaidh lena dtéarnamh ón bpaindéim. I dtéarmaí fiachas a fhanann de bheith sa stóras, agus infhaighteacht leanúnach an ráta laghdaithe úis de 3%, tabharfaidh an spriocdháta sínte seo cinnteacht níos fearr do ghnóthaí le linn na gcúinsí reatha eacnamaíocha seo agus tabharfaidh sé breis ama dóibh sula mbeidh orthu dul i ngleic leis an bhfiachas cánach stórasaithe.  Idir an dá linn, sa chás go bhfuil sé ar chumas ag gnó aon chuid den fhiachas stórasaithe nó é ina iomláine a aisíoc, cinnte is féidir leo é sin a dhéanamh.”

Scríobhfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuig gach gnó a bhfuil fiachas acu sa stóras go luath i mí na Nollag, ina leagfar amach a ráiteas fiachais agus an síneadh a fógraíodh inniu a chur in iúl dóibh. Cuirfear i gcuimhne do ghnóthaí den chineál sin chomh maith an tábhacht a bhaineann le tuairisceáin reatha a thíolacadh agus a ndliteanais reatha a íoc in am de réir mar a thagann siad aníos.

Chuir an tUasal Howley béim ar an tábhacht a bhaineann le tuairisceáin reatha agus íocaíochtaí cothrom le dáta agus teagmháil luath a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim sa chás go bhfuil deacrachtaí íocaíochta ag gnóthaí chun a ndualgais reatha cánach a chomhlíonadh:

“Ós rud é gur choinníoll de stórasú fiachais é go gcoinníonn gnó tuairisceáin agus íocaíochtaí cothrom le dáta, ba chóir d’aon ghnó a bhfuil deacrachtaí sreafa airgid acu, nó deacracht a ndualgas cánach a chomhlíonadh de réir mar a eascraíonn sé, teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim chomh luath agus a thagann an deacracht chun cinn. Mar atá ráite agam cheana, tugann rannpháirtíocht luath deis dúinn obair réamhghníomhach a dhéanamh leis an ngnó bainteach chun teacht ar réiteach comhaontaithe ar na deacrachtaí sealadacha sin. Dá réir sin, cinnteoidh an réiteach comhaontaithe sin go bhfuil an gnó in ann leanúint de leas a bhaint as an scéim stórasaithe fiachais.”

Tugadh isteach an Scéim Stórasaithe Fiachais chun tacaíocht ríthábhachtach leachtachta a chur ar fáil do ghnóthaí a bhfuil meathlú acu mar gheall ar an bpaindéim COVID-19.

Léirítear ar na staitisticí a d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim inniu go bhfuil an chuid is mó den fhiachas stórasaithe €2.58 billiún - tá €2.2 billiún stórasaithe ag 7,500 cáiníocóir agus go bhfuil fiachas stórasaithe nach mó ná €5,000 ag grúpa mór de cháiníocóirí (beagnach 50,000).

Ar deireadh, dúirt an tUasal Howley:

“Tá tacaíocht thábhachtach curtha ar fáil ag an Scéim Stórasaithe Fiachais do ghnóthaí agus, ag a mbuaicphointe, rinneadh ós cionn €3.1 billiún a stórasú. Táimid anois ag €2.6 billiún. Faoi láthair tá breis agus 27,000 cáiníocóir a bhfuil fiachais stórasaithe nach lú ná €5,000 acu, agus áirítear leis seo níos mó ná 19,000 fostóir a dhéanann os cionn 315,000 fostaithe a fhostú. Leanann an scéim de bheith tábhachtach chun fostaíocht agus gnóthaí inmharthana a chothú. Tabharfaidh an síneadh a fógraíodh inniu cinnteacht éigin do ghnóthaí de réir mar a théann siad i dtreo dheireadh na bliana 2022 agus tús a chur le pleanáil a dhéanamh do 2023, agus léiríonn sé toilteanas na gCoimisinéirí Ioncaim oibriú le gnóthaí chun déileáil leis na cúinsí eacnamaíocha agus gnó ina bhfuil siad ag oibriú faoi láthair.”

Tá staitisticí uasdátaithe maidir leis an Scéim Stórasaithe Fiachais a foilsíodh níos luaithe inniu ar fáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.

[CRÍOCH 17/10/2022]