Revenue seize 3 million cigarettes at Dublin Port
Inné (26/10/2022), mar thoradh ar ghnáthphróifíliú agus le cabhair ó bhrathadóir madra Gus, ghabh oifigigh de chuid na gcoimisinéirí ioncaim i gCalafort Bhaile Átha Cliath beagnach 3 milliún toitín a bhí folaithe i bhfrámaí miotail i gcoinsíneacht a tháinig isteach ón bPolainn.
Bhí luach measta miondíola níos mó ná €2.3 milliún ar na toitíní, brandáilte ‘Marlboro’, agus is ionann é agus caillteanas poitéinsiúil don Státchiste de €1.8 mhilliún.
Tá imscrúduithe fós ar siúl.
Tá an ghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar sholáthar agus díol táirgí neamhdhleathacha tobac. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fhóin faoi Rún 1800 295 295.
[CRÍOCH 27/10/2022]