Alcól gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCalafort Ros Láir agus i Ros Comáin

Ar an Aoine (28/10/2022), mar thoradh ar ghnáthoibríochtaí, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim beagnach 10,000 lítear vodca agus uisce beatha i gCalafort Ros Láir. Tá luach measta miondíola níos mó ná €300,000 ar an alcól smuigleáilte, arb ionann é agus caillteanas poitéinsiúil de bhreis is €230,000 don Státchiste.

Aimsíodh an alcól i leantóir gan tionlacan a bhí tar éis teacht i dtír ar bhád farantóireachta ó Cherbourg, An Fhrainc.

Ar leithligh, ar an Déardaoin (27/10/2022), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim beagnach 400 lítear biotáille, beorach, agus fíona tar éis cuardach a dhéanamh ar áitreabh, faoi bharántas, i Ros Comáin. Tá luach measta miondíola níos mó ná €2,400 ar an alcól smuigleáilte, agus is ionann é agus caillteanas poitéinsiúil de €1,420 don Státchiste.

Ceistíodh fear agus bean, beirt sna tríochaidí.

Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha seo.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar smuigleáil. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 30/10/2022]