Revenue seize herbal cannabis worth €110,000 in Dublin

Inné (09 Samhain 2022), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 5.5 cileagram de channabas luibhe ar luach measta de €110,000, tar éis cuardach a dhéanamh ar áitreabh cónaithe, faoi bharántas, i gceantar Sheantraibh, Baile Átha Cliath.

Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus Aonad Drugaí na Roinne Bhaile Munna agus An Chúlóg.

Ghabh An Garda Síochána buachaill sna déaga agus tá sé faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí Bhaile Munna.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Bhí an oibríocht seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 09/11/2022]