Drugaí gafa i gCalafort Bhaile Átha Cliath agus tobac coganta gafa in Aerfort Bhaile Átha Cliath ag na Coimisinéirí Ioncaim
Ar an Satharn (26/11/2022), mar thoradh ar ghnáthoibríochtaí, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 4.4kg de channabas luibhe ar luach €88,000 ag Calafort Bhaile Átha Cliath. Aimsíodh na drugaí nuair a rinne oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim stopadh and cuardach ar veain cláraithe Éireannach a tháinig i dtír ó Holyhead. Ghabh An Garda Síochána beirt fhear sna 20idí agus tá siad faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí Sráid an Stórais.
Ar leithligh (18/11/2022), mar thoradh ar ghnáthoibríochtaí, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 150kgs de thobac coganta ar luach measta de €82,500 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Aimsíodh an tobac coganta, atá brandáilte ‘Makla’, le cabhair ó bhrathadóir madra Gus’, agus iad i bhfolach i gcoinsíneacht lastas aer a tháinig ón mBeilg agus a bhí beartaithe le haghaidh seoladh i gceantar Theas Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá imscrúduithe ar bun i leith na dá chás.
Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar smuigleáil. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.
[CRÍOCH 28/11/2022]