Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (06/12/2022), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Liosta na Mainnitheoirí Cánach don tréimhse 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2022. Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta. 
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo méid na socraíochta nár íocadh ag deireadh na tréimhse dar críoch 30 Meán Fómhair 2022. Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

Cinneadh Cúirte ar Phionós

Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 amháin é iomlán na cánach) agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta: 

  • Ní raibh a leithéid de chásanna den chineál seo ann i leith na tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meán Fómhair 2022

Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt

Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte seo féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta.

  • 61 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €168,000 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt

Áirítear ina measc siúd:

  • 29 cás inar loiceadh tuairisceáin a thíolacadh agus inar tíolacadh tuairisceán mícheart cánach, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €94,250 ina leith
  • 13 gcás a bhain le mí-úsáid ola mianraí marcáilte agus 2 chás a bhain le loiceadh ceadúnas ola reatha a choimeád ar gearradh fíneálacha Cúirte de €39,000 ina leith
  • 13 cás a bhain le coireanna máil i leith smuigleáil tobac, díol mídhleathach tobac agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte de €25,750, aon phianbhreith amháin 8 mhí (4 mhí ar fionraí) agus pianbhreith 2 mí amháin
  • 2 chás nár fhan feithicil ina stad, agus gearradh fíneálacha Cúirte dar suim €5,000 ina leith
  • 2 chás inar cuireadh cosc​ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, ar gearradh fíneálacha Cúirte suas le €4,000 ina leith agus aon phianbhreith amháin 6 mí (2 bhliain ar fionraí) 

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 9 gcás á fhoilsiú inniu agus is é €2.8 milliún iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo. 
  • Bhain 7 gcás le suimeanna níos mó ná €100,000
    • bhí 2 cheann díobh sin níos mó ná €500,000
    • agus bhí 1 cinn díobh sin níos mó ná €1 milliún
    • Bhain 4 cinn díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 30 Meán Fómhair 2022
    • Is í €1.4 milliún an tsuim neamhíoctha faoi 30 Meán Fómhair 2022. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán nár íocadh a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe uile na gCoimisinéirí Ioncaim. Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meán Fómhair 2022, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 255 cinn d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le 3,180 cinn d’Idirghabhálacha Bainistíochta Riosca (Fiosruithe Gné agus Agallaimh Phróifíle), a raibh toradh €81.8 milliún i gcáin, ús agus pionóis orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

Críoch [06/12/2022]