Torthaí ceannlíne le haghaidh 2022 foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (05/01/2023) d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim réamhthorthaí le haghaidh 2022 ina n-áirítear cáin agus dleacht bailithe, sonraí maidir le cabhair curtha ar fáil faoi scéimeanna tacaíochta Rialtais criticiúla, seirbhísí curtha ar fáil do chustaiméirí, rátaí chomhlíontachta tráthúla agus toradh ar réimse idirghabhálacha comhlíontachta agus forfheidhmithe.

Agus é ag trácht ar na torthaí seo, dúirt An tUasal Niall Cody, Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim é seo a leanas:

“Bhí fáltais cánach thar na bearta ann in 2022, agus bhailigh na Coimisinéirí Ioncaim €82.2 billiún i gcánacha agus dleachtanna don Státchiste, méadú de thart ar €14.7 billiún nó 21.5% ar 2021. Ina theannta sin, bhailigh na Coimisinéirí Ioncaim breis agus €22.3 billiún thar ceann Ranna, Gníomhaireachtaí agus Ballstáit AE eile.

Tá an leibhéal ard comhlíontachta deonaí in am is i dtráth a leanann i gcónaí mar bhonn agus mar thaca ag na fáltais Státchiste nach bhfacthas a leithéid roimhe seo, in ainneoin na gcúinsí dúshlánacha a bhí ag go leor cáiníocóirí. Tugaimid aitheantas don chomhoibriú ó ghnólachtaí, cháiníocóirí aonair agus ó chleachtóirí cánach, agus gabhaimid buíochas leo as a rannpháirtíocht dhearfach le bliain anuas.

Lean na Coimisinéirí Ioncaim ag forbairt ár gcur chuige comhlíontachta in 2022 le seoladh an Chreat um Idirghabhálacha Comhlíontachta nua a dhéanann ár dtacaíocht i dtaca le comhlíontacht dheonach agus ár bhfreagra ar neamhchomhlíontacht agus bainistiú riosca a threisiú. Anuraidh, chuir muid níos mó ná 427,000 idirghabhálacha iniúchóireachta agus comhlíontachta i gcrích le toradh de €813 milliún. D'éirigh linn freisin 9 gciontú coiriúla a bhaint amach i dtaca lehimghabháil cánach agus calaois tromchúiseach, 53 socrú cánach a fhoilsiú ar Liosta na Mainnitheoirí Cánach agus 104 cás seachanta cánach a shocrú le táirgeacht €16.1 milliún. Leanann sé de bheith mar phríomhaidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim an scáthgheilleagar agus gníomhaíochtaí mídhleathacha eile a aithint agus díriú orthu ionas gur féidir bac a chur lena leithéid. Sa bhliain 2022, ghabhamar breis agus 51 milliún toitín le luach €39.4 milliún agus breis agus 3,600kg de dhrugaí le luach measta de €46.4 milliún.”

Leanann na Coimisinéirí Ioncaim ar aghaidh leis an ról suntasach atá acu maidir le tacaíocht a chur ar fáil do ghnóthaí atá fós ag teacht chucu féin ó thionchair na paindéime Covid-19, in éineacht leis na dúshláin atá bainteach leis an ngéarchéim fuinnimh reatha. Maidir le seachadadh tacaíochtaí criticiúla na gCoimisinéirí Ioncaim, dúirt an tUasal Cody:

“Lean deacrachtaí ​​eacnamaíocha agus sóisialta de bharr na paindéime Covid-19 ar aghaidh go dtí 2022. Rinne ionradh na Rúise ar an Úcráin tionchar na ndeacrachtaí seo níos measa, ag cur gnóthaí faoi bhrú boilscithe ar fud go leor earnálacha, go háirithe maidir le fuinneamh, agus dúshláin sa slabhra soláthair. Sheol na Coimisinéirí Ioncaim an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG) agus osclaíodh clárúcháin do ghnóthaí incháilithe i mí na Samhna. Cabhróidh an scéim le gnóthaí cáilitheacha lena gcostais fuinnimh ó Mheán Fómhair 2022 go dtí Feabhra 2023 san áireamh. Bhí gnóthaí cláraithe in ann éilimh a dhéanamh faoin scéim ó thús mhí na Nollag. Tá breis agus 8,800 gnó tar éis clárú don scéim in san achar gearr ama ó cuireadh i bhfeidhm í. Tá beagnach 3,000 éileamh próiseáilte le luach iomlán de thart ar €6.6 milliún.

Tháinig deireadh le scéimeanna fóirdheontas Covid-19 in 2022. Chuir riar na gCoimisinéirí Ioncaim ar na scéimeanna seoar son an Rialtais go mór le slite beatha a chosaint agus gnólachtaí a choinneáil ag feidhmiú. Le linn shaolré na Scéimeanna Fóirdheontais Pá agus an Scéim Tacaíochta Sriantaí Covid, d’íocamar os cionn €10.2 billiún chun tacú le gnóthaí, fostóirí agus fostaithe.

Ag aithint na ndúshlán thar a bheith suntasach a bhíonn roimh ghnóthaí agus iad ag comhlíonadh a ndualgas cánach, d'fhógair na Coimisinéirí Ioncaim síneadh tábhachtach leis an Scéim Stórasaithe Fiachais i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Bhí gnóthaí a raibh fiachas stórasaithe acu le socruithe a dhéanamh linn chun déileáil leis an bhfiachas sin faoi dheireadh 2022 (nó faoin 1 Bealtaine 2023 dóibh siúd le spriocdháta sínte). Shíneamar an t-amlíne sin go dtí an 1 Bealtaine 2024. Mar aon le infhaighteacht leanúnach an ráta laghdaithe úis de 3%, soláthraíonn an síneadh cinnteacht níos mó do ghnóthaí trí am breise a thabhairt sula gcaithfear aghaidh a thabhairt ar an bhfiachas stórasaithe. Faoi láthair, tá beagnach 72,000 gnó ag baint leasa as an scéim maidir le thart ar €2.48 billiún d'fhiachas cánach.”

Ag cur béime ar an bhfás atá tagtha ar ghníomhaíocht chustaim, dúirt Coimisinéir na gCoimisinéirí Ioncaim agus Ard-Stiúrthóir custaim, Gerry Harrahill:

"Bliain an-ghnóthach eile ab ea 2022 ó thaobh custaim de a léiríonn tionchar imeacht na Ríochta Aontaitheas an AE ar an 1 Eanáir 2021 agus an ghné idirnáisiúnta leathan agus fairsing a bhaineann leis an slabhra soláthair i dtaca le hearraí a iompórtálaíodh isteach in Éirinn. Tá an fás ar cheannacháin ar líne ina ghné ar leith ó phaindéim Covid-19 agus leanann sé ar aghaidh gan stad. Sa chás go dtagann na ceannacháin seo ó lasmuigh den AE, cosúil le gach earra neamh-AE eile, tá a n-iompórtáil faoi réir foirmiúlachtaí custaim, agus léirítear é sin freisin sa mhéadú ar dhearbhuithe custaim. Phróiseáil na Coimisinéirí Ioncaim 40.2 milliún dearbhú custaim in 2022, méadú 58% ar dhearbhuithe 2021.

€0.64 billiún an dleacht chustam a bailíodh sa bhliain, méadú €110 milliún nó 21% ar an mbliain roimhe sin. As an dleacht chustam €0.64 billiún a bailíodh, tá €0.28 billiún i leith iompórtálacha ón Ríocht Aontaithe a léiríonn gur éirigh le gnólachtaí oiriúnú do na foirmiúlachtaí custaim a rialaíonn an caidreamh trádála leis an Ríocht Aontaithe den chuid is mó. Tá na Coimisinéirí Ioncaim tiomanta go hiomlán do thacú le gnólachtaí a n-oibleagáidí custaim a chomhlíonadh, do thrádáil dhlisteanach a éascú chun bogadh chomh héifeachtach agus chomh gasta agus is féidir agus trádáil neamhdhlisteanach a aithint agus é a mheas ar son riosca agus cur isteach air."

Ag filleadh ar théama leibhéil láidre comhlíonta dheonaigh, dúirt an tUasal Cody:

"Ba cheart do ghnólachtaí, do cháiníocóirí agus do chleachtóirí cánach a bheith aireach i gcónaí ar an tábhacht a bhaineann le cinntiú go ndéantar tuairisceáin chánach agus íocaíochtaí in am. Cuirtear béim ar an tábhacht sin mar gheall ar an riachtanas atá ann do ghnólchtaí ar mian leo leas a bhaint as scéimeanna tacaíochta Stáit comhlíonadh cánach a léiriú, lena n-áirítear an SSTFG. Chomh maith leis sin, braitheann incháilitheacht leanúnach don stóras fiachais ar thuairisceáin reatha agus íocaíochtaí a bheith cothrom le dáta. Cinntíonn an riachtanas seo nach bhfuil gnólachtaí atá comhlíontach ó thaobh cánach de faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le comhlachtaí nach bhfuil comhlíontach.

Sa chomhthéacs seo, tar éis forfheidhmiú fiachais ghinearálta a chur ar fionraí le linn na paindéime, chuireamar tús arís le gnáthghníomhaíochtaí forfheidhmithe fiachais in 2022, lena n-áirítear atreorú chuig an Sirriam, forfheidhmiú trí phróiseas na gCúirteanna agus astú. Tuigimid,  ar ndóigh, gur féidir le gnólachtaí deacrachtaí sealadacha sreabhaidh airgid a bheith acu. Sna cúinsí sin, is é an rud is tábhachtaí ná na tuairisceáin chánach riachtanacha a chomhdú agus dul i dteagmháil linn go luath. Tá taifead cruthaithe againn ar dhul i dteagmháil go rathúil le gnólachtaí inmharthana a bhfuil deacrachtaí sealadacha sreabhaidh airgid acu."

Chríochnaigh an tUasal Cody leis an méid seo:

"Bliain eile de dhúshláin nach bhfacthas riamh cheana ab ea 2022. Tá na Coimisinéirí Ioncaim fós ag dul i ngleic leis na dúshláin seo, agus tá sé seo amhlaidh a bhuí ar an mórchóir lenár muintir a léiríonn teacht aniar, tiomantas agus gairmiúlacht i gcónaí. Tugaim aitheantas agus gabhaim buíochas lenár bhfoireann as a rannpháirtíocht agus a ndúthracht. Chinntigh a ngairmiúlacht arís gur éirigh linn bliain ardfheidhmíochta eile a chur i gcrích."

Ar leithligh, inniu (05/01/2023), d'fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim an chéad tuarascáil staitistiúil seachtainiúil maidir leis an TBESS. Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.