Revenue update on 2022 PAYE Tax Returns – over 120,000 claims for Rent Tax Credit

Inniu (02/02/2023), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim réimse staitisticí maidir le tuairisceáin Chánach Ioncaim le haghaidh 2022 a tíolacadh sa chéad mhí den bhliain seo. Cuireann na réamhstaitisticí béim ar leith ar an gCreidmheas Cánach Cíosa.

Ag trácht di go ginearálta ar Thuairisceáin Chánach Ioncaim do 2022 a tíolacadh le linn Eanáir, dúirt Aisling Ní Mhaoileoin Uasal, Bainisteoir Náisiúnta ÍMAT na gCoimisinéirí Ioncaim:

"Tá os cionn 485,000 tuairisceán cánach próiseáilte maidir le cáiníocóirí ÍMAT a thíolaic a dtuairisceán do 2022 cheana féin, sin méadú 32% ar an tréimhse chéanna anuraidh agus leanann sé treocht atá feicthe againn le blianta beaga anuas trína roghnaíonn níos mó agus níos mó cáiníocóirí ÍMAT a dtuairisceáin a thíolacadh go luath i leith na bliana roimhe.  

Trí thuairisceán a thíolacadh, ceadaítear do cháiníocóir aon chreidmheasanna cánach a bhfuil siad i dteideal a éileamh agus aon aisíocaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith dlite dóibh a fháil dá bharr. Molann na Coimisinéirí Ioncaim do cháiníocóirí athbhreithniú a dhéanamh ar a Réamhráiteas Deireadh Bliana in moChúrsaí agus a dtuairisceáin a thíolacadh chun a chinntiú go bhfuil an méid ceart cánach á íoc acu. As na tuairisceáin a tíolacadh cheana féin i mí Eanáir, bhí ró-íocaíocht cánach mar thoradh ar thart ar 360,000 agus, dá bharr sin, tá €274m aisíoctha cheana féin le cuntais bhainc daoine aonair." 

Maidir leis na staitisticí foilsithe i dtaca leis an gCreidmheas Cánach Cíosa, dúirt an tUasal Ní Mhaoileoin:

"Tá leibhéal maith rannpháirtíochta feicthe againn cheana féin maidir leis an gCreidmheas Cánach Cíosa. Le linn na míosa seo caite, tá os cionn 120,000 éileamh ar Chreidmheas Cánach Cíosa déanta ag cáiníocóirí ÍMAT ar a dtuairisceán Cánach Ioncaim do 2022. Ní thagann an uimhir seo ach taobh thiar de chostais leighis ó thaobh líon na n-éileamh de. Tá sé seo thar a bheith suntasach ós rud é gur creidmheas nua cánach é seo a fógraíodh mar chuid de Bhuiséad 2023.

Dóibh siúd nach bhfuil ar an eolas, ba mhaith liom aird a tharraingt ar ghné ar leith, murab ionann agus gnáthchreidmheasanna cánach a thugtar isteach trí Bhuiséad, féadtar an Creidmheas Cánach Cíosa a chur i bhfeidhm go siarghabhálach i leith 2022. Ciallaíonn sé seo gur féidir leo siúd a chomhlíon na critéir cháilitheachta don chreidmheas le linn na bliana seo caite é a éileamh anois ar a dtuairisceán Cánach Ioncaim do 2022 agus aon aisíocaíocht atá dlite a fháil go pras. Tá luach an chreidmheasa suas le €500 in aghaidh na bliana do cháiníocóirí aonair agus suas le €1,000 in aghaidh na bliana do dhaoine pósta nó atá i bpáirtnéireacht shibhialta agus atá faoi bhonn measúnaithe comhpháirtigh. Maidir le 2023, ó lár mhí Feabhra, táimid ag súil go mbeidh custaiméirí in ann an creidmheas a éileamh i bhfíor-am tríd an rogha 'Bainistigh do Cháin' in moChúrsaí.

Léiríonn na réamhstaitisticí go bhfuil sé tugtha le fios ag formhór na n-éilitheoirí go dtí seo, thart ar 90%, go bhfuil siad i dtionóntacht atá cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe. Tuairiscítear gur ‘seomra ar cíos’ nó ‘lóistín’ atá i gceist leis an 10% eile. Tá 88% díobh siúd atá ag éileamh á dhéanamh maidir lena n-áit chónaithe phríobháideach féin seachas díreach 12% atá ag éileamh ar thionóntachtaí atá de dhíth mar gheall ar chúiseanna oibre nó chun freastal ar chúrsa ceadaithe. Baineann beagnach gach éileamh go dtí seo le híocaíochtaí cíosa de chuid cáiníocóirí ÍMAT, seachas éilimh thar ceann cleithiúnaithe." 

Lean an tUasal Ní Mhaoileoin ar aghaidh chun na chéad chéimeanna eile a leagan amach do cháiníocóirí ÍMAT a bhfuil éileamh ar chreidmheasanna cánach fós le déanamh acu do 2022:

“Chun seasamh cánach le hagaidh 2022 a thabhairt chun críche, ní mór do dhuine tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú. An bealach is tapúla agus is éasca chun tuairisceán a thíolacadh ná ar líne. Beidh an tuairisceán ar líne réamhlíonta ag na Coimisinéirí Ioncaim le faisnéis atá ar fáil againn, ag cinntiú go bhfuil an tuairisceán réasúnta simplí le comhlánú. Má chomhlánaítear tuairisceán cánach, féadann fostaí creidmheasanna cánach breise a éileamh amhail costais sláinte nó creidmheas cánach cíosa nó ioncam breise a dhearbhú, de réir mar is cuí. Tar éis a thíolactar tuairisceán cánach, eiseofar Ráiteas Dliteanais go gairid ina dhiaidh sin, ina leagfar amach seasamh deiridh cánach agus MSU an fhostaí don bhliain. Déanfar aisíocaíochtaí, nuair is cuí, go pras."

Féadtar staitisticí sealadacha maidir le Tuairisceáin Chánach Ioncaim a chuireann an Creidmheas Cánach Cíosa san áireamh a fháil ag Réamhráiteas Deireadh Bliana ÍMAT.

[CRÍOCH 02/02/2023]