Fógra tábhachtach maidir le hathruithe ar an SSTFG
Ar an gCéadaoin (1/3/23), chuir an tAire Airgeadais, Michael McGrath T.D., fáilte roimh thús na n-athruithe a rinneadh ar an Scéim Tacaíochta Fuinnimh Gnó Sealadach (SSTFG). Leis na hathruithe seo, foráiltear síneadh ama don scéim thar an 28 Feabhra 2023 go dtí an 30 Aibreán 2023, chomh maith le méadú ar an teorainn mhíosúil ar íocaíochtaí a fhéadtar a dhéanamh faoin scéim, ar feadh tréimhsí éilimh ón 1 Márta 2023. Tá na Coimisinéirí Ioncaim tar éis treoir mhionsonraithe maidir leis an SSTFG a thabhairt cothrom le dáta chun sonraí na n-athruithe seo a chur san áireamh.
Tá roinnt athruithe breise ar an SSTFG fógartha ag an Aire Airgeadais, ach tá na hathruithe breise seo faoi réir ceadú i leith cúnamh Stáit. Athrú amháin astu sin ná an laghdú ar thairseach na gcostas fuinnimh maidir le cáiliú don scéim ó mhéadú 50% ar chostais fuinnimh, go méadú 30%.
Tar éis ceadú i leith cúnaimh Stáit a fháil, cinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim dáta cuí chun athmheasúnú a dhéanamh go huathoibríoch ar éilimh a cuireadh isteach cheana féin a bhaineann leis an tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 28 Feabhra 2023 nár chomhlíon an tairseach bhunaidh costais fuinnimh 50%, agus ríomhfaidh siad aon íocaíochtaí atá dlite do ghnóthaí ar bhonn na tairsí athbhreithnithe. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh sé riachtanach do ghnóthaí athbhreithniú a dhéanamh ar na héilimh a chuir siad isteach cheana féin chun an tairseach cháilíochta athbhreithnithe de 30% a chur san áireamh.
Mar sin, moltar do ghnóthaí incháilithe leanúint ar aghaidh ag déanamh éileamh don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 28 Feabhra 2023 tríd an gcóras ríomh-Aisíocaíochtaí ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ón 1 Márta 2023, tá os cionn 25,400 gnólacht tar éis clárú don SSTFG agus tá 23,800 éileamh ceadaithe cheana féin. Tá luach €51.65 milliún ar na héilimh cheadaithe seo.
Osclófar an áis chun éilimh a dhéanamh maidir le billí fuinnimh a chlúdaíonn tréimhsí éilimh ón 1 Márta 2023 in am trátha. Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim nuashonrú eile nuair a osclófar an tairseach éilimh don tréimhse seo.
[Críoch 02/03/2023]