Táibléid Beinsidhé-asaipín ar luach €175,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath

Dé hAoine seo caite (03/03/2023), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim tuairim is 87,500 táibléad beinsidhé-asaipín ar luach measta de €175,000 i Lárchathair Bhaile Átha Cliath Thuaidh.

Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus an tAonad Drugaí Thuaidh de Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath (RCBÁC).

Ghabh An Garda Síochána bean sna 40idí agus tá sí faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí Sráid an Stórais.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Bhí an urghabháil seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhírigh ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin 1800 295 295.

[CRÍOCH 03/03/2023]