Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (07/03/2023), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Liosta na Mainnitheoirí Cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022. Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse 31 Nollaig 2022. Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

Cinneadh Cúirte ar Phionós

Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 amháin é iomlán na cánach) agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:

  • Bhí 3 chás den chineál seo ann i leith na tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Nollaig 2022 arb ionann a fíneálacha agus €1,417,218.

Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt

Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte, féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta

  • 86  cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €202,100 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.

Ina measc seo, áirítear:

  • 29 cás a bhaineann le loiceadh tuairisceáin chánach a thíolacadh, loiceadh leabhair agus taifid chuí a chur ar fáil, agus tuairisceáin mhíchearta a thabhairt. Gearradh fíneálacha cúirte arb ionann iad agus  €71,250
  • 31 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €85,500 ina leith
  • 25 cás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil, díol mídhleathach tobac agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte €42,850, dhá phianbhreith 4 bliana (ar fionraí go hiomlán), dhá phianbhreith 2 bhliain agus 6 mhí, pianbhreith amháin 20 lá, agus 840 uair de sheirbhís pobail in ionad príosúnachta
  • 1 chás maidir le halcól nár gearradh cáin air a bhí ar díol, agus gearradh fíneálacha Cúirte dar suim €2,500 ina leith.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 6 cás á fhoilsiú inniu agus is é €1.1 milliún iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo.
    • Bhí 5 cinn díobh sin níos mó ná €100,000.
  • Bhain 4 cinn díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 31 Nollaig 2022.
  • Is é €528,874 an tsuim neamhíoctha faoin 31 Nollaig 2022. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht 

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’Idirghabhálacha Comhlíontachta uile na gCoimisinéirí Ioncaim. Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Nollaig 2022, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 14,225 d’Idirghabhálacha Comhlíontachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh toradh €127.36 milliún orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

CRÍOCH [07/03/2023]