Cannabas luibhe ar luach €1,100,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCill Dara

Inniu (15/03/2023), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 55kg de channabas luibhe ar luach measta de €1,100,000 i gceantar Chill Dara. Rinneadh an ghabháil, a bhí mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim agus Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe(BNGSDCE).

Ghabh An Garda Síochána fear sna 40idí agus tá sé faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí Chill Dara. Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Bhí an oibríocht seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin 1800 295 295.

[CRÍOCH 15/03/2023]