Cannabas luibhe ar luach breis agus €132,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i Sligeach
Ar an gCéadaoin (22/03/2023), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 6.6kg de channabas luibhe ar luach measta de bhreis agus €132,000 i gceantar Shligigh.
Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus an tAonad Drugaí de Réigiún Shligigh.
Ghabh An Garda Síochána fear sna 20idí agus tá sé faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí i gCo. Shligigh.
Tá imscrúduithe fós ar siúl.
Bhí an urghabháil seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhírigh ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin 1800 295 295.
[CRÍOCH 22/03/2023]