Tuarascáil Bhliantúil 2022 foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (26/04/2023), d’fhógair na Coimisinéirí Ioncaim foilsiú a 100ú Tuarascáil Bhliantúil do 2022.

Léiríonn an tuarascáil bliain d'fheidhmíocht láidir ag na Coimisinéirí Ioncaim inar bailíodh an tsuim cánach agus dleachta is mó riamh in 2022.

Chomh maith le Tuarascáil Bhliantúil 2022, d'fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim roinnt tuarascálacha eile freisin, lena n-áirítear tuarascálacha taighde ar Cháin Chorparáide, Cáin Ioncaim, CBL agus CCF; achoimrí ar Shuirbhé Custaiméirí FBM 2022; torthaí an tSuirbhé Taighde ar Tháirgí Tobac 2022 agus staitisticí ÍMAT. 

Ag trácht ar fhoilseacháin an lae inniu, dúirt Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim, Niall Cody:

"Bhailigh na Coimisinéirí Ioncaim iomlán de bheagnach €118 billiún i bhfáltais chomhlána, lena n-áirítear €22 billiún i bhFáltais Neamh-Státchiste a bailíodh thar ceann Ranna agus Gníomhaireachtaí eile Rialtais agus Ballstáit AE. Ba é €82.4 billiún glanfháltais an Státchiste, méadú de 22% nó €14.9 billiún ar 2021.  

D’ainneoin na timpeallachta dúshlánaí gnó, d'fhan rátaí comhlíontachta tráthúla foriomlána láidir thar gach ceannteideal cánach. Léiríonn sé seo an rannpháirtíocht dhearfach a dhéanann gnóthaí, cáiníocóirí aonair agus cleachtóirí cánach le dualgais comhlíontachta cánach agus leis na Coimisinéirí Ioncaim i rith na bliana agus an tábhacht a chuireann an tsochaí go ginearálta ar chultúr láidir comhlíontachta saorálaí." 

Bailiúchán

Agus í ag trácht ar phríomhchúram na gCoimisinéirí Ioncaim cánacha agus dleachtanna a bhailiú thar ceann an Stáit, dúirt Coimisinéir na gCoimisinéirí Ioncaim, Ruth Kennedy:

"I bhfianaise an staid dhúshlánach eacnamaíocha atá os comhair gnóthaí, d'fhógair muid síneadh tábhachtach agus suntasach maidir leis an Scéim Stórasaithe Fiachais (SSF) in 2022. Chuir sé sin leis an tacaíocht do ghnóthaí a raibh dúshláin sreafa airgid agus trádála acu mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus an ngéarchéim fuinnimh. Beidh gnólachtaí ar an eolas gurb é ceann de na príomhchoinníollacha atá ag an SSF ná nach mór gach tuairisceán cánach a thíolacadh ionas go ndéantar an fiachas a mheas, agus caithfear cánacha reatha a íoc de réir mar a thagann siad de bheith dlite.

Chuir na Coimisinéirí Ioncaim tús freisin le filleadh céimnithe ar bhailiú caighdeánach fiachais d'fhiachas neamhstórasaithe, a cuireadh ar fionraí go páirteach ó thús na paindéime i mí an Mhárta 2020. Tá sé seo deartha chun a chinntiú go mbailítear fiachas den sórt sin, rud a chinntíonn cothrom na féinne do gach gnólacht, ach tugtar aird ar chúinsí inár gcur chuige ina bhféadfadh deacrachtaí inléirithe sreafa airgid a bheith ag cáiníocóirí nó ag gnóthaí a imríonn tionchar ar a gcumas fiachas neamhstórasaithe a íoc, nó ar a gcumas oibleagáidí leanúnacha cánach a chomhlíonadh ar bhonn tráthúil. I gcúinsí den sórt sin, tá sé ríthábhachtach go rachadh cáiníocóirí i dteagmháil linn a luaithe is féidir agus go n-oibreoidh siad go réamhghníomhach linn chun socrú íocaíochta comhaontaithe a chur i bhfeidhm, rud a chuireann cosc ar an ngá atá le forfheidhmiú an fhiachais."

Custaim

Ag trácht ar na tionchair phraiticiúla a ghabhann leis an Ríocht Aontaithe a bheith taobh amuigh d’Aontas Custam agus Margadh Singil an AE, dúirt an Coimisinéir Ioncaim agus Ard-Stiúrthóir Custam, Gerry Harrahill:

"Ón 1 Eanáir 2021, tá earraí a bhog roimhe seo gan uaim idir Éire agus an Bhreatain Mhór faoi réir foirmiúlachtaí Custaim. Leanann an t-athrú suntasach buan sin ar shocruithe trádála, a bhí i bhfeidhm roimhe seo ó cruthaíodh Margadh Aonair an AE, ag cruthú dúshláin agus ag cur leis an gcostas a bhaineann le gnó a dhéanamh. Tá gníomhaireachtaí Stáit fós an-ghníomhach i mbun barrfheabhsú a dhéanamh ar shreabhadh na trádála dlisteanaí trínár gcalafoirt agus ár n-aerfoirt, lena n-áirítear an comhoibriú idir na gníomhaireachtaí a uasmhéadú maidir le gluaiseachtaí earraí agus coinsíneachtaí atá faoi réir seiceálacha doiciméadacha nó fisiciúla ag na gníomhaireachtaí.

Chuir nádúr athraithe an chaidrimh trádála leis an mBreatain Mhór a d'eascair as a n-imeacht ón AE, mar aon leis an ngné leathan, ilghnéitheach idirnáisiúnta de shlabhra soláthair na n-earraí a iompórtáiltear isteach go hÉirinn agus fás ollmhór na ríomhthráchtála, leis an ngá atá le níos mó rannpháirtíochta agus idirghníomhaíochta idir gnóthaí agus gníomhairí custaim ar lámh amháin, agus Córais Custam na gCoimisinéirí Ioncaim ar an lámh eile, le linn 2022.

In 2022, rinneamar próiseáil ar 43 milliún dearbhú custaim a sáraíodh riamh, agus ba dhearbhuithe iompórtála 40 milliún díobh. I gcomparáid leis seo, próiseáladh beagán de bhreis ar 27 milliún dearbhú iompórtála in 2021 agus milliún acu in 2020. Ba phríomhtháscaire é ar ár rath agus ar bhuntáistí an chomhoibrithe le gnóthaí ná, agus comhoibriú trasghníomhaireachta, ná gur tugadh an bealach glas do 89% de ghluaiseachtaí feithicil lastais ón mBreatain Mhór ar a dteacht isteach go hÉirinn, rud a chiallaíonn gur tháinig siad tríd an gcalafort cuí gan gá le hidirghníomhú breise a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ná aon Ghníomhaireacht eile Stáit.

D'fhógair an Ríocht Aontaithe a pleananna chun rialuithe iompórtála a chur i bhfeidhm níos déanaí i mbliana agus an bhliain dár gcionn, agus oibreoimid go dlúth le gnóthaí Éireannacha chun a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis riachtanach ar fad ar fáil dóibh chun déileáil lena ndualgais iompórtála isteach sa Ríocht Aontaithe agus, ar an gcaoi sin, sreabhadh na trádála dlisteanaí a éascú."

Cáin Mhaoine Áitiúil

Ag trácht di ar rátaí comhlíontachta na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ), dúirt an tUasal Kennedy:

"Chonaiceamar leibhéil arda gníomhaíochta i rith 2022 mar úinéirí maoine, lena n-áirítear úinéirí maoine nuadhliteanacha a tháinig laistigh den mhuirear bliantúil ar CMÁ den chéad uair, i dteagmháil linn chun úinéireacht a dheimhniú agus socruithe íocaíochta a shocrú roimh na dátaí íocaíochta i rith na bliana.

Bhí rannpháirtíocht ghníomhach agus leibhéil airde comhlíontachta ag úinéirí maoine roimh spriocdháta mhí na Samhna, agus ó shin i leith. Is ionann an ráta comhlíontachta tuairisceáin don CMÁ do 2022 agus 94% faoi láthair, agus is é 97% an ráta comhlíontachta íocaíochta, rud a léiríonn rannpháirtíocht an-dearfach, uaidh úinéirí maoine, lena ndualgais chomhlíontachta CMÁ.

Maidir leis an mionlach eile d'úinéirí maoine nár íoc a CMÁ le haghaidh 2023 go fóill, nó a rinne socruithe chun a CMÁ a íoc, molaim dóibh go láidir é a dhéanamh láithreach."

Tuairisceáin Chánach Ioncaim

Ó Nua-Aoisiú ÍMAT in 2019, tá méadú suntasach tagtha ar líon na gcáiníocóirí ÍMAT a thíolacann a dtuairisceáin Chánach Ioncaim chun a dteidlíochtaí a éileamh agus aon ioncam nach ngearrtar cáin air tríd an gcóras ÍMAT a dhearbhú. In 2022, próiseáladh os cionn 1.1 milliún tuairisceán Cánach Ioncaim i leith cáiníocóirí a thíolaic a dtuairisceán Cánach Ioncaim do 2021.

Ag trácht di ar thuairisceáin chánach ioncaim do 2022 atá tíolactha cheana féin, dúirt an tUasal Kennedy:

"Amhail an 31 Márta 2023, próiseáladh os cionn 810,000 tuairisceán cánach maidir le cáiníocóirí ÍMAT a thíolaic a dtuairisceán do 2022 cheana féin, sin méadú os cionn 26% ar an tréimhse chéanna anuraidh.

Tá rochtain ag gach cáiníocóir ÍMAT ar a Réamhráiteas Deireadh Bliana le haghaidh 2022 in moChúrsaí. Leagtar amach sa Ráiteas a bpá, a gcreidmheasanna cánach agus a seasamh cánach foriomlán don bhliain, rud a ligeann dóibh faisnéis atá ina dtaifead leis na Coimisinéirí Ioncaim a cheartú don bhliain nó cur leis.

Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun do sheasamh cánach a thabhairt chun críche ná an tuairisceán a thíolacadh ar líne. Tá do thuairisceán réamhlíonta ag na Coimisinéirí Ioncaim le d'fhaisnéis phárolla agus gach eolas ábhartha eile atá ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear íocaíochtaí na Roinne Coimirce Sóisialaí. Tá sé simplí an tuairisceán a chomhlánú agus a thíolacadh ar líne trí moChúrsaí saor in aisce agus, cinntíonn sé go bhfaigheann tú luach iomlán aon aisíocaíochta atá dlite duit."

Obair Chomhlíontachta

Cuirimid cur chuige measúnaithe riosca fíor-ama, sonraíbhunaithe i bhfeidhm maidir lenár gcuid oibre comhlíontachta, rud a íoslaghdaíonn an t-ualach riaracháin ar an gcáiníocóir comhlíontach agus a chuireann ar ár gcumas tús áite a thabhairt dár n-acmhainní comhlíontachta maidir le cáiníocóirí neamhchomhlíontacha.

Bainimid úsáid as freagairt chomhréireach, bunaithe ar iompar cáiníocóirí, chun aghaidh a thabhairt ar chásanna a thaispeánann táscairí neamhchomhlíontachta agus chun dul i ngleic le pleanáil ionsaitheach cánach. Le linn 2022, chuireamar os cionn 463,800 idirghabháil comhlíontachta i gcrích, le toradh €813 milliún i gcáin, ús agus pionóis agus socraíochtaí cánach comhaontaithe arbh ionann iad agus €28 milliún le 36 cáiníocóir a foilsíodh mar mhainnitheoirí cánach.

Lean muid freisin lenár réimse leathan idirghabhálacha riosca-bhunaithe ag díriú ar chalaois, trádáil neamhdhlisteanach, smuigleáil agus coiriúlacht eagraithe. Ag trácht dó ar phríomhfhreagracht na gCoimisinéirí Ioncaim as earraí agus táirgí toirmiscthe agus srianta a chosc, a bhrath, a idircheapadh agus a urghabháil, dúirt an tUasal Harrahill:

"Bainimid úsáid as cur chuige rioscabhunaithe inár straitéis braite agus idirghabhála agus leanamar orainn ag comhoibriú lenár gcomhpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí chun príomhghníomhaithe laistigh den bráithreachas coiriúil a shainaithint agus chun cur isteach ar a bpríomhshlabhraí soláthair agus iad a dhíchóimeáil le linn 2022.

Oibríonn ár bhfoirne forfheidhmithe ag gach príomhchalafort, aerfort agus ionad poist, chomh maith le háitribh seolta lasta agus mar thoradh ar ár raon leathan idirghabhálacha, rinneadh urghabhálacha suntasacha le linn 2022, lena n-áirítear:

  • 3,600kg de dhrugaí, ar luach measta de €46.6 milliún
  • 51.6 milliún toitín, ar luach €39.5 milliún
  • 11,803kgs tobac, ar luach measta de €8.5 milliún.

Ghlac ár bhfoirne páirt freisin i 69 seachadadh rialaithe, as a dtagann 51 gabháil, agus 26 comhoibríocht le Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe.

Tá sé de chumas agus d'acmhainní acu siúd a bhfuil baint acu le trádáil earraí agus táirgí aindleathacha a gcuid modheolaíochtaí a oiriúnú go tapa. Déanaimid monatóireacht ar fhorbairtí maidir leis na modhanna smuigleála atá ag éirí níos cruthaithí agus níos casta agus ar na teicnící ceilte a úsáidtear a bhfuil baint acu le gníomhaíocht neamhdhleathach agus ár raon leathan sócmhainní agus cumais forfheidhmithe a imscaradh agus a oiriúnú mar fhreagairt." 

Tacaíochtaí Rialtais a Sheachadadh

Agus é ag trácht ar ról na gCoimisinéirí Ioncaim chun tacú le cáiníocóirí leis an timpeallacht eacnamaíoch reatha trí thacaíochtaí ríthábhachtacha Rialtais a chur ar fáil, mar shampla an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG), dúirt an tUasal Cody:

"Lean na deacrachtaí eacnamaíocha agus sóisialta a tháinig chun cinn de bharr phaindéim Covid-19 ar aghaidh go dtí 2022 agus chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin tuilleadh leis. Cuireadh deireadh leis an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF) agus leis an Scéim Tacaíochta Sriantaí Covid (STSC) in Earrach 2022. Le linn na tréimhse ó Mhárta 2020 go Bealtaine 2022, chuireamar tacaíocht ríthábhachtach ar fáil do ghnóthaí agus d'fhostaithe, thar ceann an Rialtais, de bheagán os cionn €10 mbilliún. Ba ghníomhaíocht gan fasach é seo do na Coimisinéirí Ioncaim agus bhí nuálaíocht, aclaíocht agus leibhéal ollmhór tiomantais i gceist leis. Táimid an-bhródúil as ár bhfreagairt ar éigeandáil náisiúnta. 

Chun sláine na Scéime Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP) agus an SFPF a chosaint, chuir na Coimisinéirí Ioncaim clár seiceálacha incháilitheachta agus comhlíontachta i gcrích maidir leo siúd a fuair íocaíochtaí chun a chinntiú gur íocadh an t-airgead a bhí i gceist i gceart le fostaithe. Dhearbhaigh na seiceálacha seo leibhéal ard comhlíontachta leis na scéimeanna.”

Príomhghnéithe eile d'fheidhmíocht na gCoimisinéirí Ioncaim in 2022

I measc na bpríomhghnéithe eile d'fheidhmíocht na gCoimisinéirí Ioncaim in 2022:

Freagraíodh1.7 milliún glao gutháin agus déileáladh le 3.9 milliún mír comhfhreagrais

Tacú leis gcomhlíontacht ag 0.2 milliún fostóir, 0.8 milliún gnó, 0.3 milliún trádálaí CBL, 0.1 milliún trádálaithe Custam agus 1.3 milliún úinéir maoine

12.5 milliún íocaíocht leictreonach íoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim, ar luach €111.9 billiún

1.6 milliún aisíocaíocht leictreonach íoctha le cáiníocóirí, ar luach €11.4 billiún

Rátaí comhlíontachta tráthúla 99% do ghnóthaí mórmhéide agus 97% do ghnóthaí meánmhéide

Rinneadh éascú ar Shocraíochtaí Tráthíocaíochtaí i leith 9,899 gnó agus duine aonair, arb ionann é agus €192 milliún i bhfiachas.

Ag féachaint chun cinn

Ag féachaint i dtreo an todhchaí, dúirt an tUasal Cody:

"Marcáileann 2023 céad bliain de Mhisean na gCoimisinéirí Ioncaim - 'Freastal ar an bpobal trí chánacha agus dleachtanna a bhailiú go cothrom agus go héifeachtúil agus rialuithe custam a chur i bhfeidhm'. Agus muid ag tabhairt faoin gcéad aois eile d'oibríochtaí, leanfaimid orainn ag oiriúnú agus ag beachtú ár seirbhíse chun tacú leis an gcomhlíontacht, bunaithe ar riachtanais na gcáiníocóirí agus na ngníomhairí cánach agus dul chun cinn breise a dhéanamh maidir le teicneolaíochtaí.

Cé go bhfuil maolú tagtha ar thionchair eacnamaíocha Covid-19, táimid fós san airdeall ar na rioscaí a eascraíonn as na hathruithe sna timpeallachtaí eacnamaíocha agus gnó go náisiúnta agus ar fud an domhain. Tuigimid go rímhaith freisin na dúshláin atá roimh an ngeilleagar maidir le slándáil leanúnach na slabhraí soláthair, an ghéarchéim costais mhaireachtála agus ionradh na Rúise ar an Úcráin. Leanfaimid de bheith réamhghníomhach maidir le dul i ngleic leis na rioscaí sin agus leanfaimid orainn ag tacú leis an bhfreagairt náisiúnta ar na dúshláin sin.

Leanann an bailiú cánacha agus dleachtanna atá dlite don Stát de bheith mar phríomhról agus príomhfhócas na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá comhlíontacht thráthúil íocaíochtaí agus tíolactha fós mar thosaíocht againn, lena n-áirítear do na gnóthaí sin a bhain leas as an SSF agus a bhfuil comhlíontacht tráthúil fós ina phríomhchoinníoll dá gcumas leanúint ar aghaidh ag baint leasa as an scéim.

Leanfaimid orainn ag cur lenár rannpháirtíocht agus idirghabhálacha fíor-ama agus lenár bhfreagairt ar riosca. Bainfear é seo amach trínár gCreat um Idirghabhálacha Comhlíontachta (CIC) a neadú inár gcur chuige bainistíochta comhlíontachta chun a chinntiú go gcinntear ár bhfreagairt agus ár ngníomhartha bunaithe ar an leibhéal riosca agus iompair cáiníocóirí.

Cuirfidh muid treoir agus tacaíocht chuimsitheach ar fáil d'úinéirí maoine roimh an gcéad tréimhse inmhuirir don Cháin ar Thithe Folmha (CTF) agus an Cháin Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC), agus leanfaimid orainn ag tacú le gnó agus trádáil de réir mar a théann siad i dtaithí ar riachtanais iompórtála Rialtas na Ríochta Aontaithe.

Bhí cur i bhfeidhm socruithe Oibre Cumaiscthe ina phríomhthosaíocht chorparáideach do na Coimisinéirí Ioncaim in 2022 agus leanfaimid orainn ag éascú meascán d'obair ar an láthair agus d'obair fhíorúil ar bhealach a uasmhéadaíonn solúbthacht agus a fheabhsaíonn folláine agus cothromaíocht oibre is saoil dár bhfoireann. Coinneoimid ár bhfócas láidir freisin ar fholláine, éagsúlacht agus uileghabhálacht ár bhfoireann, agus bainfimid amach ár bhfís mar rogha fostóra dár bhfoireann reatha agus d'earcaigh nua ionchasacha araon.

Mar fhocal scoir, ba mhaith leis na Coimisinéirí Harrahill agus Kennedy buíochas a ghabháil le foireann uile na gCoimisinéirí Ioncaim as a ngairmiúlacht, a ndúthracht agus a dtiomantas mar nach bhféadfaí ár n-éachtaí in 2022 a bhaint amach dá n-uireasa. Aithnímid agus gabhaimid buíochas freisin le foireann na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear an Coimisinéir Mick Gladney, a d'imgh ar scor i rith na bliana, a thiomnaigh go leor acu 40 bliain seirbhíse nó níos mó don Stát."

{Críoch 26/04/2023}