Alcól ar luach os cionn €220,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Europort Ros Láir

Le seachtain anuas (27/04/2023– 01/05/2023), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 53,300 lítear alcóil, ar luach iomlán miondíola de thart ar €220,000 ag Europort Ros Láir. Rinneadh na hurghabhálacha seo mar thoradh ar gnáthphróifíliú.

Ar 27/4/2023, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí ioncaim thart ar 25,392 lítear beorach ar luach míondíola de thart ar €101,250, arb ionann é agus caillteanas poitéinsil don Státchiste de bheagnach €47,500. Tháinig an choinsíneacht i leantóir tionlactha a tháinig i dtír ar bhád farantóireachta ó Dunkirk na Fraince. Gabhadh an leantóir a bhí ag iompar na dtáirgí alcóil freisin.

Ar an Aoine (28/4/2023), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí ioncaim l 26,092 lítear beorach ar luach míondíola de thart ar €104,000, arb ionann é agus caillteanas poitéinsil don Státchiste de bheagnach €48,700. Tháinig an choinsíneacht seo i leantóir gan tionlacan a tháinig i dtír ar bhád farantóireachta ó Dunkirk na Fraince. Arís, gabhadh an leantóir a bhí ag iompar na dtáirgí alcóil freisin.

Ar leithligh ar an Aoine (28/04/2023), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 1,066 lítear fíona ar luach míondíola de thart ar €13,000, arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de bheagnach €7,000 don Státchiste. Tháinig an choinsíneacht seo i leantóir gan tionlacan a tháinig i dtír ar bhád farantóireachta ó Cherbourg na Fraince.

Ar deireadh, Dé Luain (01/05/2023), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí ioncaim 778  lítear beorach ar luach míondíola os cionn €3,100, arb ionann é agus caillteanas poitéinsil don Státchiste de bheagnach €1,500. Thángthas ar na deochanna seo i leantóir tionlactha a tháinig ó Dunkirk na Fraince.

Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha uile seo.

Tá an hoibríochtaí seo mar chuid d’obair leanúnach na Coimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir gníomhaíochtaí den sórt sin, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 03/05/2023]