Cannabas luibhe ar luach €750,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath

Ar an Aoine (05/05/2023), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 35kg de channabas luibhe ar luach measta de €750,000 i mBaile Átha Cliath 13.

Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht a rinneadh idir Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE), Aonaid Drugaí Cheantar Ráth Eanaigh agus na Cúlóige agus Aonad Coireachta Cheantar Ráth Eanaigh.

Ghabh An Garda Síochána beirt fhear, duine sna 40idí agus duine sna 30idí  agus tá siad faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.  

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Bhí an oibríocht seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin 1800 295 295.

[CRÍOCH 06/05/2023]