Contrabhanna ar luach os cionn €700,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inné (17/05/2023), mar thoradh ar ghnáthoibríochtaí, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim breis agus 752,000 toitín ag Calafort Bhaile Átha Cliath. Tá luach measta miondíola de €594,000, ar na toitíní agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil de os cionn €465,000 don Státchiste.

Aimsíodh na toitíní smuigleáilte, brandáilte 'Dunhill' agus 'Karelia Blue', i bhfolach i mboscaí miotail i gcoinsíneacht a tháinig ón mBulgáir.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Ar leithligh, chomh maith leis sin inné  (17/05/2023) mar thoradh ar ghnáthoibríochtaí, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 4kg de channabas luibhe ag Aerfort na Sionainne le cúnamh ón madra brathadóra Harley. Aimsíodh na drugaí mídhleathacha, ar luach measta de €80,000, i dhá bheartán ar leith a tháinig ó na Stáit Aontaithe agus bhí siad beartaithe le haghaidh seoladh i dTiobraid Árann.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Ar deireadh, Dé hAoine seo caite (12/05/2023) i gCúirt Dúiche Mhainistir Fhear Maí, bhronn an Breitheamh Joanne Carroll ordú coinneála airgid trí mhí ar oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Tháinig sé seo i ndiaidh urghabháil €31,000 in airgead tirim agus 6.5kg de 'thobac rollta' ó mhaoin chónaithe sa Ráth, Co. Chorcaí. Rinneadh an fhionnachtain nuair a rinne oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, le cúnamh ón madra brathadóra Obi, cuardach ar an maoin faoi bharántas. Bhí an t-airgead tirim déanta suas d'ainmníochtaí ó €5 go €500 agus bhí luach míondíola de bheagnach €5,000 ar an tobac neamhstampáilte, brandáilte 'Amber Leaf', arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de os cionn €3,700 don Státchiste.

Ceistíodh bean ina 20idí agus tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar smuigleáil. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal faoi smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin 1800 295 295.

[CRÍOCH 18/05/2023]