Fógra tábhachtach maidir le háis a bheith ar fáil chun éilimh a dhéanamh faoin SSTFG sínte

Dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim inniu (29/5/23), go bhfuil an áis chun éilimh a dhéanamh faoin Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG) sínte, i ndáil le tréimhsí ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Iúil 2023, ar oscailt anois. Tacaíodh leis seo trí threoir nuashonraithe SSTFG a fhoilsiú, chun sonraí maidir le síneadh na scéime a léiriú.

Déanfar éilimh a bhaineann leis na tréimhsí sínte a mheas go huathoibríoch bunaithe ar thairseach an chostais fhuinnimh 30% agus ríomhfar an faoiseamh atá dlite bunaithe ar 50% de na costais incháilithe fuinnimh a thabhaíonn an gnó. Cuirfear uasteorainn mhíosúil €15,000 in aghaidh na trádála (faoi réir uasteorainn mhíosúil fhoriomlán €45,000) i bhfeidhm go huathoibríoch ar na héilimh seo freisin.

Féadtar teacht ar thairseach éilimh SSTFG tríd an gcóras ríomh-Aisíocaíochtaí i Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ba chóir do ghnóthaí atá cláraithe cheana féin sonraí a dtréimhse tagartha a nuashonrú i ríomh-Aisíocaíochtaí ROS do Bhealtaine - Iúil 2022 roimh éileamh a thíolacadh do na tréimhsí Bealtaine – Iúil 2023. Ní mór éilimh do gach tréimhse a thíolacadh tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2023.

Moltar do ghnóthaí incháilithe nach bhfuil cláraithe go fóill don SSTFG, nó  nach bhfuil an próiseas éilimh tosaithe nó críochnaithe go hiomlán acu go fóill le haghaidh aon tréimhsí éilimh, é sin a dhéanamh anois, i bhfianaise spriocdháta na n-éileamh an 30 Meán Fómhair 2023. Chun cabhrú le gnóthaí iarratas a dhéanamh ar an scéim, tá roinnt físeán 'Cén chaoi' taifeadta ag na Coimisinéirí Ioncaim, ar féidir breathnú orthu anseo.

Faoin dáta 25 Bealtaine 2023, tá 29,057 gnólacht cláraithe don SSTFG agus tá 42,787 éileamh faofa cheana féin. Tá luach €94.52 milliún ar na héilimh faofa seo.

[Críoch 29/5/2023]