Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
Inniu (13/06/2023), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Liosta na Mainnitheoirí Cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Márta 2023. Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.
- Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
- Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse (31 Márta 2023). Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.
Cuid 1: Cinntí cúirte
Cinneadh cúirte ar phionós
Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 amháin é iomlán na cánach) agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:
- Bhí 3 chás den chineál seo ann i leith na tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Márta 2023 arb ionann a fíneálacha agus €226,142.
Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt
Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte, féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta
- Tá 85 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €188,450 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.
Ina measc seo, áirítear:
- 41 cás a bhaineann le loiceadh tuairisceáin chánach a thíolacadh, loiceadh CBL a íoc agus tuairisceáin mhíchearta a sheachadadh agus sonrasc/doiciméad míchruinn a bheith eisithe. Gearradh fíneálacha cúirte arb ionann iad agus €72,500: Gearradh sé phianbhreith déag, in ionad príosúnachta. Tá ceithre cinn déag díobh sin ar fionraí go hiomlán, ina gcuimsítear téarmaí 18 mí (3); 20 mí (1); 30 mí (1); 2 bhliain (9) – ceann le 240 uair an chloig seirbhíse pobail. Chomh maith leis sin, gearradh dhá phianbhreith ar fionraí go páirteach, a mhaireann 20 mí (ar fionraí ar feadh dhá bhliain).
- 22 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €68,250 ina leith.
- 18 cás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil, díol mídhleathach tobac agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte arbh fhiú €38,700 san iomlán iad, agus gearradh cúig phianbhreith, a cuireadh ar fionraí go páirteach ar feadh tréimhsí éagsúla, in ionad príosúnachta. Cuimsíonn siad seo tréimhsí 2 mhí (2); 6 mhí (1); 10 mí (1); 1 bhliain (1).
- 1 chás maidir le halcól nár gearradh cáin air a bhí ar díol, agus gearradh fíneál Cúirte dar suim €2,500 ina leith.
- 3 chás inar cuireadh bac ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim inar gearradh iomlán de €6,500 i bhfíneálacha Cúirte.
Cuid 2: Socraíochtaí
Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:
- Tá 19 cás á fhoilsiú inniu agus is é €7.3 milliún iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo:
- Bhí 18 cinn díobh sin níos mó ná €100,000
- Bhí 6 cinn díobh sin níos mó ná €500,000.
- Bhain 3 cinn díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 31 Márta 2023.
- Is é €993,537 an tsuim neamhíoctha faoin 31 Márta 2023. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).
Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar chomhlíontacht
Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’Idirghabhálacha Comhlíontachta uile na gCoimisinéirí Ioncaim. Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Márta 2023, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 15,138 d’Idirghabhálacha Comhlíontachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh toradh €214.19 milliún orthu.
Liosta na Mainnitheoirí Cánach
[CRÍOCH 13/06/2023]