Contrabhanna ar luach €370,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCalafort Bhaile Átha Cliath
Inné (04/07/2023), mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis agus le cabhair ó bhrathadóir madra Alfie, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 167,000 táibléad beinsidhé-asaipín ar luach measta €335,000 ag Calafort Bhaile Átha Cliath.
Aimsíodh na táibléid i bhfolach i gcuas urláir veain a tháinig ón Ríocht Aontaithe.Ghabh an Garda Síochána an tiománaí, fear ina chuid 40idí, agus tugadh go stáisiún na nGardaí i mBaile Átha Cliath é.
Tá imscrúduithe fós ar siúl.
Ar leithligh inniu, (05/07/2023), ag na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla, bhronn an Breitheamh Patricia Cronin ordú coinneála airgid trí mhí ar oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim.Tharla sé seo i ndiaidh gur gabhadh €35,000 in airgead tirim ag Calafort Bhaile Átha Cliath inné.Rinneadh an fhionnachtain mar thoradh ar phróifíliú riosca nuair a rinne oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, le cúnamh ó bhrathadóir madra Gus, cuardach bagáiste ar phaisinéir a bhí ag taisteal amach chun na Fraince.
Ceistíodh fear ina chuid 40idí agus tá imscrúduithe fós ar siúl.
Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar smuigleáil.Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal faoi smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin 1800 295 295.
[CRÍOCH 05/07/2023]