Revenue seize cocaine worth €140,000 in Athlone

Inné (10/07/2023), mar thoradh ar phróifíliú riosca, agus iad i mbun scrúdaithe, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 2kg de chócaon in áitreabh i mBaile Átha Luain ar luach measta de €140,000.

Aimsíodh na drugaí aindleathacha i mbeartán a tháinig ón Ísiltír agus a bhí beartaithe le haghaidh seoladh i dTuaisceart Éireann.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá an ghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtáil drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin 1800 295 295.

[CRÍOCH 11/07/2023]