Revenue seize herbal cannabis worth €700,000 at Dublin Airport

Dé hAoine (28/07/2023), mar thoradh ar phróifíliú riosca agus le cabhair ó bhrathadóir madra Maggie, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim timpeall 35kg de channabas luibhe ar luach measta de €700,000 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Thángthas ar na drugaí aindleathacha nuair a rinne oifigigh stopadh agus cuardach ar bhagáiste de chuid paisinéara a tháinig ar eitilt ó Montréal, Ceanada.

Gabhadh agus tugadh fear sna 20idí chuig Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath, agus tá sé faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá an ghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtáil drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 29/07/2023]