Conradh sínithe ag na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh Cuitéir Custam nua

Inniu, 3/8/2023, shínigh na Coimisinéirí Ioncaim conradh chun Cuitéar Custam nua a fháil. Tiocfaidh an Cuitéar in áit an RCC Suirbhéir atá i mbun seirbhíse ó 2004.  

Tógfaidh AuxNaval, cuid den Ghrúpa Armon sa Spáinn, an Cuitéar nua agus táthar ag súil go mbeidh an soitheach i mbun seirbhíse in 2025.

Beidh an Cuitéar á oibriú ag Aonad Muirí na gCoimisinéirí Ioncaim, atá freagrach as patról a dhéanamh ar 3,173 ciliméadar de chósta na hÉireann. 

Dúirt An tUasal Niall Cody, Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim agus é ag trácht ar an gCuitéar nua:

"Cuirfidh an Cuitéar nua le caighdeán agus raon na n-acmhainní ar féidir le foirne forfheidhmithe na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid ina gcuid oibre riachtanach chun earraí agus táirgí toirmiscthe agus srianta a chosc, a bhrath, a idircheapadh agus a urghabháil.

Léiríonn soláthar an Chuitéir nua go soiléir tiomantas na gCoimisinéirí Ioncaim chun díriú ar thrádáil aindleathach, smuigleáil agus coireacht eagraithe sa réimse muirí chomh maith le teorainn an AE a chosaint, agus feabhsóidh sé leibhéil comhoibrithe agus éifeachtachta idir na Coimisinéirí Ioncaim agus ár gcomhpháirtithe forfheidhmithe dlí sa bhaile agus thar lear.

Déantar urghabhálacha suntasacha ar tháirgí aindleathacha mar thoradh ar raon agus méid na n-idirghabhálacha a dhéanann foirne forfheidhmithe na gCoimisinéirí Ioncaim. Mar shampla, le linn 2022, ghabh ár bhfoirne forfheidhmithe 3,600kg de dhrugaí, ar luach measta €46.6 milliún. Cuirfidh an Cuitéar nua go mór le cumas na gCoimisinéirí Ioncaim, idirghabhálacha éifeachtacha a dhéanamh sa ghné chriticiúil seo dár n-oibríochtaí foriomlána.

Cinnteoidh an chéad ghlúin eile seo de Chuitéar go gcuirfear rialuithe teorann i bhfeidhm ar bhealach atá tíosach ar fhuinneamh agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, rud a chuideoidh go mór leis na Coimisinéirí Ioncaim a spriocanna do 2030 a bhaint amach faoi Phlean 2023 um Ghníomhú ar son na hAeráide."

Dúirt an tUasal Laudelino Alperi Baragano, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Ghrúpa Armon:

Tá AuxNaval thar a bheith buíoch as a bheith roghnaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun cuitéar custam nua na gCoimisinéirí Ioncaim a thógáil.  Is ardán an-éifeachtach é ár soitheach patróil hibrideach 35m agus is dearadh cruthaithe atá ann d'fhorfheidhmiú an dlí go hidirnáisiúnta agus cuimsíonn sé réimse teicneolaíochtaí chun tionchar comhshaoil an tsoithigh a laghdú.”

Beidh an Cuitéar Custam 35 méadar iontach so-ionramháilte agus feistithe le hardchórais loingseoireachta agus faireachais chun patróil éifeachtacha a dhéanamh agus le soithí a rialú in uiscí teorann na hÉireann, sa réigiún tadhlach agus in uiscí cóngaracha chun comhlíonadh an Achta Custam 2015 a chinntiú agus chun smuigleáil a chosc agus a chomhrac, agus ar an gcaoi sin críoch chustaim agus teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh a chosaint. 

Beidh raon níos mó ná 750 muirmhíle ag an Cuitéar agus lánluas de 18 muirmhíle ag baint úsáide as dhá phríomhinneall. Comhlíonfaidh an Cuitéar caighdeáin rialaithe astaíochtaí, Leibhéal III do Limistéir Rialaithe Astaíochtaí arna n-ainmniú faoi MARPOL Iarscríbhinn VI agus tá sé comhoiriúnach le cumaisc bhithbhreosla agus bhithbhreosla. Feidhmeoidh an Cuitéar i mód hibrideach ag baint úsáide as dhá inneall cúnta atá tíosach ar fhuinneamh. Le haghaidh patróil agus rialuithe ar an bhfarraige, beidh sleamhnán ar an Cuitéar chun RHIB 6.25 méadar (Bád Righin Inséidte) a lainseáil agus a fháil ar ais. Chun cumas faireachais an Chuitéar a threisiú, tá ardán UAV (Aerfheithicil Gan Foireann) suite ar an deic mhór ar deiridh, atá in ann UAV 100 Kg a choinneáil. 

Meastar gur costas €8.75 milliún a bheidh ar an Cuitéar, gan CBL san áireamh agus maoineofar ón Státchiste é chomh maith le deontas ó OLAF (an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise) ó Chlár Frithchalaoise an AE.

CRÍOCH [03/08/2023]