D'urghabh na Coimisinéirí Ioncaim €116,000 airgead tirim ag Aerfort Bhaile Átha Cliath

Déardaoin seo caite, (17/08/2023), ag na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla i mBaile átha Cliath, bhronn an Breitheamh John O’Leary ordú coinneála airgid trí mhí ar oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim. Tháinig sé seo i ndiaidh urghabháil de thart ar €116,000 in airgead tirim ag Aerfort Bhaile Átha Cliath Dé Céadaoin (16/08/2023).

Aimsíodh an t-airgead tirim mar thoradh ar phróifíliú riosca nuair a stop oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus chuardaigh siad paisinéir a bhí ag taisteal ar eitilt go dtí an Mholdóiv. Tá drochamhras ann gur fáltais ó choireacht an t-airgead tirim, nó go raibh sé i gceist é a úsáid i ngníomhaíochtaí coiriúla, agus tá sé á choinneáil ag na Coimisinéirí Ioncaim de réir na reachtaíochta ar fháltais ó choireacht. 

Thóg an Garda Síochána fear ina chuid 40idí lena cheistiú. Tá imscrúduithe fós ar siúl. 

Tá an gnáthoibríocht seo mar chuid d’obair leanúnach na Coimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag an bpobal, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 18/08/2023]