Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
Inniu (12/09/2023), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Liosta na Mainnitheoirí Cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2023. Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.
- Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
- Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse 30 Meitheamh 2023. Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.
Cuid 1: Cinntí Cúirte
Cinneadh Cúirte ar Phionós
Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 amháin é iomlán na cánach) agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:
- Bhí 3 chás den chineál seo sa tréimhse 3 mhí go dtí 30 Meitheamh 2023 agus €293,207 méid iomlán an phionóis arna ghearradh ag an gCúirt.
Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt
Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte, féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta:
- Tá 87 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €198,715 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.
Ina measc seo, áirítear:
- 47 cás inar loiceadh tuairisceáin a thaisceadh, tuairisceáin mhíchearta a sheachadadh, mainneachtain CBL/Cáin Ioncaim/ÁSPC a íoc, agus aisíocaíocht CBL a éileamh go bréagach. Gearradh fíneálacha cúirte arb ionann iad agus €99,200 Gearradh ceithre phianbhreith in ionad príosúnachta. Tá na ceithre cinn ar fad ar fionraí go hiomlán, ina gcuimsítear téarmaí 2 bhliain (3) agus 1 bhliain (1).
- 22 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €57,250 ina leith.
- 14 cás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil, díol mídhleathach tobac agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte de €36,000 agus gearradh dhá phianbhreith cúig mhí. Tá cúig mhí príosúnachta i gceist le pianbhreith amháin; tá an phianbhreith cúig mhí eile ar fionraí go hiomlán in ionad príosúnachta.
- 2 chás inar loiceadh ceadúnas reatha deochanna meisciúla a shealbhú agus gearradh fíneálacha Cúirte dar suim €1,265 ina leith.
- 1 chás smuigleáil alcóil inar gearradh fíneál Cúirte dar suim €2,500 ina leith.
- 1 chás maidir le halcól nár gearradh cáin air a bhí ar díol, agus gearradh fíneál Cúirte dar suim €2,500 ina leith.
Cuid 2: Socraíochtaí
Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:
- Tá 14 cás á fhoilsiú inniu agus is é €3.7 milliún iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo:
- Bhí 14 cinn díobh sin níos mó ná €100,000.
- Bhí 1 cinn díobh sin níos mó ná €500,000.
- Bhain 2 cinn díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 30 Meitheamh 2023.
- Is é €602,955 an tsuim neamhíoctha faoin 30 Meitheamh 2023. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán nár íocadh a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).
Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht
Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’Idirghabhálacha Comhlíontachta uile na gCoimisinéirí Ioncaim. Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2023, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 15,202 d’Idirghabhálacha Comhlíontachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh toradh €198.57 milliún orthu.
Liosta na Mainnitheoirí Cánach
CRÍOCH [12/09/2023]