Fógra tábhachtach maidir leis an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG)
Is mian leis na Coimisinéirí Ioncaim a mheabhrú do ghnóthaí incháilithe gurb é an 30 Meán Fómhair 2023 an spriocdháta chun éilimh ar SSTFG a thíolacadh.
Tá an áis chun éilimh a dhéanamh maidir le billí fuinnimh ó thréimhsí dar tús an 1 Meán Fómhair 2022 suas go dtí an 31 Iúil 2023 ar fáil go dtí an 30 Meán Fómhair 2023. Féadtar teacht ar thairseach éilimh SSTFG tríd an gcóras ríomh-Aisíocaíochtaí ar Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Moltar do ghnóthaí incháilithe nach bhfuil cláraithe go fóill don SSTFG, nó nach bhfuil an próiseas éilimh tosaithe nó críochnaithe go hiomlán acu go fóill le haghaidh aon tréimhsí éilimh, é sin a dhéanamh anois, i bhfianaise spriocdháta na n-éileamh an 30 Meán Fómhair 2023.
Chun éileamh a dhéanamh tríd an tairseach, beidh gach bille leictreachais agus gáis nádúrtha ag teastáil ó ghnó don tréimhse thagartha an 1 Meán Fómhair 2021 go dtí Iúil 2022 agus do na tréimhsí éilimh ó Mheán Fómhair 2022 go dtí seo.
Cuirfear billí fuinnimh ón 1 Meán Fómhair 2022 i gcomparáid le billí ón tréimhse thagartha chomhfhreagrach (Meán Fómhair 2021 v Meán Fómhair 2022) chun incháilitheacht agus méid dlite a chinneadh. Beidh ar ghnóthaí a dhéanann éilimh a gcuid sonraí cuntais bainc a chur ar fáil freisin agus beidh orthu dearbhú a dhéanamh go gcomhlíontar coinníollacha cáilitheacha na scéime.
Tá na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas go bhfuil roinnt clárúcháin agus éilimh neamhiomlána ar ROS le haghaidh SSTFG faoi láthair. Is próiseas dhá chéim í an scéim seo, agus is é an clárúchán an chéad chéim riachtanach chun rochtain a fháil ar an scéim, agus tíolacadh éilimh ina dhiaidh sin.
Meabhraítear do ghnóthaí go bhfuil gá an próiseas clárúcháin agus éileamh a chomhlánú go hiomlán chun rochtain a fháil ar airgead SSTFG a d'fhéadfadh a bheith dlite dóibh. Toisc nach mbeidh an áis ar fáil tar éis dheireadh na míosa seo, caithfear é seo a dhéanamh anois.
Tabhair dóthain ama an mhí seo, roimh an spriocdháta 30 Meán Fómhair, chun na próisis seo a chur i gcrích, rud a thugann go leor ama do chlárúcháin a phróiseáil ionas dtíolactar éilimh go hiomlán faoin spriocdháta.
Tabhair do d’aire
Tá clár teagmhála dírí á chomhlánú ag na Coimisinéirí Ioncaim le gnóthaí a bhfuil clárúcháin pháirteacha acu agus, nó éilimh pháirteacha ar SSTFG chun iad a spreagadh chun an próiseas clárúcháin agus, nó éileamh a chur i gcrích.
Ón 09/09/2023, tá 30,475 gnó tar éis clárú don SSTFG agus tá 56,126 éileamh ceadaithe cheana féin. Tá luach €129.04 milliún ar na héilimh cheadaithe seo.
Chun cabhrú le gnóthaí incháilithe leas a bhaint as an scéim, tá roinnt físeán 'Cén chaoi' taifeadta ag na Coimisinéirí Ioncaim agus na treoracha mionsonraithe a foilsíodh nuashonraithe acu chomh maith. Ina theannta sin, moltar do ghnóthaí tagairt a dhéanamh don treoir '?Do bhille a thuiscint' a sholáthraíonn sonraí úsáideacha maidir leis an bhfaisnéis a theastaíonn ó bhillí soláthraithe fuinnimh.
Tá áireamhán ar líne ag na Coimisinéirí Ioncaim freisin chun cabhrú le gnóthaí an íocaíocht fhéideartha atá dlite a chinneadh sula ndéantar éileamh. Tá na naisc chuig na tacaíochtaí úsáideacha seo leagtha amach thíos.
[CRÍOCH 13/09/2023]