Oibríocht Chomh-Thascfhórsa Leanúnach

Chuir Comh-Thascfhórsa (JTF) oibríocht chomhordaithe ar muir i bhfeidhm ina raibh baill de Sheirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, den tSeirbhís Chabhlaigh agus den Gharda Síochána, agus mar thoradh air sin coinníodh árthach bulclasta go moch ar maidin ar an 26 Meán Fómhair 2023, an MV MATTHEW atá cláraithe i bPanama agus a tháinig ó Mheiriceá Theas. Aimsíodh líon suntasach drugaí rialaithe amhrasta ar bord.

Reáchtáladh an oibríocht idirghníomhaireachta ag baint úsáide as sócmhainní Cabhlaigh agus Aerchór chomh maith le pearsanra idirghníomhaireachta, lena n-áirítear Sciathán Fianóglach an Airm i ndálaí dúshlánacha amach ó chósta an oirdheiscirt. 

Tar éis do phearsanra Sciathán Fianóglach an Airm an t-árthach a chuir faoi smacht, aistríodh baill de Chabhlach na hÉireann, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim chuig an árthach lasta, atá á thionlacan ag Árthach Chabhlaigh chuig calafort Éireannach faoi láthair.

Beidh an t-árthach lasta anois faoi réir mionscrúdú ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim agus ag an nGarda Síochána.  

Rinneadh an oibríocht seo bunaithe ar fhaisnéis i gcomhar leis an [Lárionad Oibríochtaí agus Anailíse Muirí - Drugaí(MAOC (N)) atá lonnaithe i Liospóin, agus comhpháirtithe ón nGníomhaireacht Náisiúnta Coireachta (NCA), ón nGníomhaireacht Forfheidhmithe Drugaí (DEA) agus ó sheirbhís chustaim na Fraince, an DNRED. Gabhadh triúr fear idir 60, 50 agus 31 bliain d'aois ar amhras faoi chionta coiriúlachta eagraithe agus tá siad á gcoinneáil i stáisiúin na nGardaí i Loch Garman faoi láthair. 

Is tionscnamh é MAOC-N lena bhfuil seacht mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) bainteach: An Fhrainc, Éirinn, an Iodáil, an Spáinn, an Ísiltír agus an Phortaingéil chomh maith leis an Ríocht Aontaithe (RA), le tacaíocht airgeadais ó Chlár an Aontais Eorpaigh um Chosc agus Troid in aghaidh na Coireachta, an Choimisiúin Eorpaigh - Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Baile. Cuireann an tIonad fóram ar fáil le haghaidh comhoibriú iltaobhach chun gáinneáil aindleathach drugaí ar muir agus san aer a chosc.

CRÍOCH [26/09/2023]