Meabhrúchán tábhachtach faoin spriocdháta chun éilimh a chur isteach faoin SSTFG

Is mian leis na Coimisinéirí Ioncaim a mheabhrú do ghnóthaí incháilithe gurb é an Satharn, 30 Meán Fómhair 2023 an spriocdháta deiridh chun éilimh ar fhaoiseamh a thíolacadh faoin Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (SSTFG). 

Is féidir teacht ar thairseach éilimh SSTFG tríd an gcóras ríomh-Aisíocaíochtaí ar Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Chun éileamh a dhéanamh tríd an tairseach, beidh na billí leictreachais agus gáis nádúrtha go léir ag teastáil ó ghnóthaí don tréimhse/do na tréimhsí tagartha ábhartha agus don tréimhse/do na tréimhsí éilimh lena mbaineann. Beidh ar ghnóthaí a gcuid sonraí cuntais bainc a chur ar fáil freisin agus beidh orthu dearbhú a dhéanamh go gcomhlíontar coinníollacha cáilitheacha na scéime. 

Bhí na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil le gach gnó a bhfuil éilimh pháirteacha déanta acu don SSTFG agus mhínigh siad cad is gá dóibh a dhéanamh chun an próiseas éilimh a chur i gcrích. 

Ní bheidh tairseach éilimh SSTFG ar fáil tar éis Dé Sathairn 30 Meán Fómhair agus ba cheart do ghnólachtaí dóthain ama a chur ar leataobh chun na próisis seo a chur i gcrích, ionas gur féidir éilimh iomlán comhlánaithe a chur isteach roimh Dé Sathairn an 30 Meán Fómhair. Tá sé tábhachtach go ngníomhódh gnólachtaí anois, agus an spriocdháta ag teannadh linn. 

Chun cabhrú le gnóthaí incháilithe leas a bhaint as an scéim, tá roinnt físeán 'Cén chaoi' taifeadta ag na Coimisinéirí Ioncaim agus tá treoir mhionsonraithe foilsithe acu. Ina theannta sin, moltar do ghnóthaí tagairt a dhéanamh don treoir 'Do Bhille a thuiscint' a sholáthraíonn sonraí úsáideacha maidir leis an bhfaisnéis a theastaíonn ó bhillí soláthraithe fuinnimh. Tá áireamhán ar líne ag na Coimisinéirí Ioncaim freisin chun cabhrú le gnóthaí an íocaíocht fhéideartha atá dlite a chinneadh sula ndéantar éileamh. Tá na naisc chuig na tacaíochtaí úsáideacha seo leagtha amach thíos. 

[CRÍOCH 26/09/2023]