Eolas tábhachtach faoin gCáin ar Thithe Folmha

Is cáin fhéinmheasúnaithe í an Cháin ar Thithe Folmha (CTF) a tugadh isteach san Acht Airgeadais, 2022. Is í príomhaidhm na cánach seo ná an soláthar tithe atá ar fáil le ligean ar cíos nó le ceannach a mhéadú, trí úinéirí de mhaoine cónaithe folmha a spreagadh chun na maoine sin a thabhairt ar ais in úsáid. 

Ní bheidh feidhm ag an CTF ach amháin le maoine ar maoine cónaithe iad chun críocha na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) agus a úsáideadh mar áit chónaithe ar feadh níos lú ná 30 lá i dtréimhse inmhuirir. Dá réir sin, ní bheidh feidhm ag an CTF maidir leis an méid seo a leanas:

  • maoine tréigthe nó maoine nach bhfuil ináitrithe
  • maoine cónaithe a bhí áitithe ar feadh 30 lá nó níos mó sa tréimhse inmhuirir iomchuí
  • maoine cónaithe a díoladh nó a bhí faoi réir tionóntacht cháilitheach le linn na tréimhse inmhuirir iomchuí. 

Is í an chéad tréimhse inmhuirir le haghaidh CTF ná ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023. Ní mór dóibh siúd a bhfuil maoin chónaithe fholamh acu nach dtagann faoi cheann de na heisiaimh thuasluaite a dheimhniú an bhfuil a maoin faoi dhliteanas na cánach a luaithe is féidir, agus faoin 7 Samhain 2023 ar a dhéanaí. 

Le linn an phróisis deimhnithe, beidh an rogha ag úinéirí maoine díolúine ó CTF a éileamh, nuair is cuí. Tá na díolúintí seo ar fáil lena chinntiú nach ngearrfar pionós iomarcach ar úinéirí maoine mar gheall ar ghnáthfholúntas sealadach. Tá sé tábhachtach go ndéanfadh úinéirí a bhfuil maoine acu nach dtagann faoi aon cheann de na heisiaimh thuas, ach a d'fhéadfadh a bheith díolmhaithe ar shlí eile ón gcáin, tuairisceán a thíolacadh chun a n-oibleagáidí CTF a chomhlíonadh agus a ndíolúine a éileamh.

Mar cháin fhéinmheasúnaithe, tá úinéirí maoine freagrach as cinneadh a dhéanamh an bhfuil dliteanas CTF acu le haghaidh tréimhse inmhuirir chomh maith lena n-oibleagáidí pá agus tíolactha a chomhlíonadh. Chun cabhrú le húinéirí maoine a n-oibleagáidí maidir le CTF a thuiscint, d'fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim treoir chuimsitheach atá ar fáil ar an suíomh idirlín, agus sa Tax and Duty Manual Part 22B-01-01. 

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag scríobh chuig úinéirí de thart ar 25,000 maoin chun iad a chur ar an eolas faoi na gníomhartha is gá dóibh a ghlacadh. Eiseofar an comhfhreagras seo sna laethanta amach romhainn agus is féidir teacht ar shampla den litir thíos. Tá an litir á heisiúint toisc go léiríonn na sonraí atá ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh dliteanas CTF a bheith ag an bhfaighteoir. 

Ní bhfaighidh gach úinéir maoine atá le bheith faoi dhliteanas CTF litir ó na Coimisinéirí Ioncaim, mar sin tá sé tábhachtach go gcinneann úinéirí maoine an bhfuil siad faoi dhliteanas CTF, is cuma má fhaigheann siad litir ó na Coimisinéirí Ioncaim nó nach bhfaigheann. Má tá úinéir maoine faoi dhliteanas CTF ach nach bhfaigheann sé litir, tá dualgas orthu fós tuairisceán CTF a thíolacadh agus a n-oibleagáidí féinmheasúnaithe a chomhlánú. Má fhaigheann úinéir maoine an litir seo, iarrtar orthu stádas a gcuid maoine a dheimhniú. Tá se seo riachtanach fiú mura gcomhlíonann a maoin na coinníollacha ábhartha lena mbeadh feidhm ag an cháin. Bainfidh na Coimisinéirí Ioncaim úsáid as an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil chun a gclár CTF a nuashonrú. 

Féadtar teacht ar thuarascáil thíos ina sonraítear an bonn ar shainaithin na Coimisinéirí Ioncaim fo-thacar díobh siúd a d’fhéadfadh a bheith faoi dhliteanas CTF. 

Socraítear CTF ag ráta atá cothrom le trí oiread ráta caighdeánach CMÁ na maoine, is é sin, an ráta CMÁ don bhanda ábhartha roimh aon fhachtóir Coigeartaithe Údaráis Áitiúil. Déanann córas na gCoimisinéirí Ioncaim an tsuim a ríomh nuair a thíolactar tuairisceán. Tá gach riachtanas CTF sa bhreis ar aon riachtanas CMÁ a bhaineann le maoin. 

Tá réimse roghanna ar fáil chun CTF a íoc, lena n-áirítear:

  • d’íocaíochtaí a roinnt thar 2024 trí dhochar díreach míosúil
  • Íocaíocht iomlán a dhéanamh trí Threoir Dochair Bhliantúil (TDB)
  • agus
  • Íocaíocht iomlán a dhéanamh trí chárta creidmheasa nó dochair.

Má dhéantar rogha íoc trí dhochar díreach míosúil, ní mór d’úinéirí maoine é seo a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim faoin 1 Eanáir 2024. Asbhainfear íocaíochtaí míosúla dochair dhírigh gach mí ón 15 Eanáir 2024 go dtí an 15 Nollaig 2024, agus tógfar íocaíochtaí TDB ar an 21 Márta 2024 mura roghnaíonn úinéir na maoine dáta níos luaithe. Próiseálfar aon íocaíocht a dhéantar le cárta creidmheasa pearsanta nó cárta dochair ar an lá a chuirtear na sonraí íocaíochta ar fáil.