Revenue seize herbal cannabis worth €379,000 in Dublin

Inniú (09/10/2023), mar thoradh ar phróifíliú riosca agus le cabhair ó bhrathadóir madra Toby, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim beagnach 19kg de channabas luibhe in áitreabh i mBaile Átha Cliath ar luach measta timpeall €379,000.

Aimsíodh na drugaí aindleathacha i mbeartán a tháinig ón nGréig agus a bhí beartaithe le haghaidh seoladh i mBaile Átha Cliath.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtáil drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 09/10/2023]