Cannabas luibhe ar luach €400,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath

Inné (17/10/2023), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 20kg de channabas luibhe ar luach measta de €400,000 i mBaile Átha Cliath

Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus Aonad Drugaí  Dúiche Chluain Dolcáin.

Ghabh An Garda Síochána beirt fhear sna 30idí agus tá siad faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiúin Gardaí i mBaile Átha Cliath.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá an urghabháil seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhírigh ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin 1800 295 295.

[CRÍOCH 18/10/2023]