Revenue seize herbal cannabis worth €280,000 at Dublin Airport
Inné (19/10/2023), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 14kg de channabas luibhe ar luach measta de €280,000 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Thángthas ar na drugaí aindleathacha nuair a rinne oifigigh stopadh agus cuardach ar bhagáiste de chuid paisinéara a tháinig ar eitilt ó Frankfurt, an Ghearmáin.
Gabhadh agus tugadh fear sna 20idí chuig Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath, agus tá sé faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996.
Tá imscrúduithe fós ar siúl.
Tá an ghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtáil drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.
[CRÍOCH 20/10/2023]