Eolas tábhachtach dóibh siúd a raibh tionchar diúltach ag tuilte orthu mar thoradh ar Stoirm Babet
Is féidir le teagmhais aimsire eisceachtúla, cosúil le Stoirm Babet, deacrachtaí sealadacha sreafa airgid a chruthú do cháiníocóirí agus tuigeann na Coimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh an cur isteach seo tionchar a imirt ar cháin a íoc in am.
Ar bhonn leanúnach, oibríonn na Coimisinéirí Ioncaim go rathúil le cáiníocóirí nuair a bhíonn deacrachtaí sealadacha sreafa airgid acu. Mar sin, tá na Coimisinéirí Ioncaim ag moladh do gach duine i gContaetha Chorcaí, Phort Láirge, Luimnigh, Chill Chainnigh agus Lú, a bhfuil deacrachtaí íoca cánach acu mar thoradh ar an gcur isteach a tharla de bharr na dtuilte le déanaí, teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim go luath.
Ag labhairt dó inniu (25/10/2023), dúirt an tUasal Joe Howley, an tArd-Bhailitheoir:
"D'fhéadfadh an cur isteach a tharlaíonn de bharr drochtheagmhais aimsire a bheith ina chúis le deacrachtaí sealadacha sreafa airgid, agus tuigimid go bhféadfadh sé seo imní a chruthú dóibh siúd a raibh tionchar acu orthu. Tá rannpháirtíocht luath leis na Coimisinéirí Ioncaim i gcásanna den chineál sin ríthábhachtach, mar go n-oibreoimid le cáiníocóirí chun teacht ar réiteach atá comhaontaithe go frithpháirteach. Ligfidh sé seo dóibh taifead comhlíontachta a choinneáil.
Tá cuntas teiste cruthaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le socruithe íocaíochta solúbtha a aontú go rathúil le cáiníocóirí, agus is féidir le cáiníocóirí a bheith muiníneach go gcuirfidh muid a gcúinsí airgeadais agus a gcumas íocaíochta san áireamh."
Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim in iúl gur chóir do cháiníocóirí a bhfuil deacrachtaí sreafa airgid acu agus deacrachtaí íoca cánach gaolmhara, de bharr an cur isteach mar thoradh ar Stoirm Babet, teagmháil a dhéanamh le hoifig an Ard-Bhailitheora ar 01 738 3663 chun socruithe íocaíochta a aontú atá cuí go comhpháirteach.
[CRÍOCH 25/10/2023]